Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Foláireamh Oráiste agus báisteach throm geallta arís san Oirthear

04 FEBRUARY 2026, 12:37

Fuarlaigh i gCill Chainnigh agus go forleathan ar an taobh thoir den tír
X Facebook

Tá Foláireamh Oráiste fógartha agus báisteach throm geallta arís amárach i bPort Láirge agus i gCill Mhantáin, agus Oifig na hAimisre ag rá go bhfuil contúirt mhór fuarlaigh an athuair sa dá chontae sin.

Ón 3 a chlog anocht, oíche Dé Céadaoin, atá an doineann geallta agus mairfidh an foláireamh ar feadh 24 uair a chloig, go dtí an 3 ar maidin san oíche Déardaoin.

Tá Foláireamh Buí fógartha freisin, an tréimhse chéanna ama, i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Laois agus Lú, Loch Garman, Muineachán agus Tiobraid Árann.

Deir Met Éireann go bhfuil an talamh bog báite leis an mbáisteach atá caite aige ar an gcósta thoir le 10 lá anuas agus dá bharr sin go bhfuil fuarlaigh in aibhneacha agus go mbeidh tuillte go forleathan arís.

Tá fainic curtha ag Comhairle Chontae Loch Garman ar thiománaithe a bheith san airdeall mar go bhfuil bóithre go leor fós faoi uisce, bóithre ina measc nach mbeadh súil leo a bheith buailte ag fuarlaigh.

Beidh moill ar an uisce trámh a deir an Chomhairle, go háirid cois cósta, mar go bhfuil córais draenála sa réigiún ag gabháil thar maoil mar atá, agus mar gheall ar an taoide ard.

Tá rabharta linn, Rabharta Mór na Féile Bríde, as seo go deireadh na seachtaine, agus ní chuideoidh sé ach an oiread go bhfuil sruth láidir agus gaoth mhór geallta.