Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Gan soiléiriú ón mBardas faoi Shaoirse Chorcaí George Mitchell

04 FEBRUARY 2026, 17:19

I 1998, de bharr Chomhaontú Aoine an Chéasta, a bronnadh Saoirse Chathair Chorcaí ar George Mitchell
X Facebook

Níl Comhairle Chathair Chorcaí sásta soiléiriú a thabhairt faoi an mbainfear nó nach mbainfear Saoirse na Cathrach de George Mitchell, agus tuilleadh eolais nochtaithe faoin mbaint a bhí ag iarChathaoirleach na gcainteanna ó Thuaidh as ar fáisceadh Comhaontú Aoine an Chéasta leis an bpéidifileach Jeffrey Epstein.

Mí na Samhna 1998, de bharr an Chomhaontuithe a bheith sínithe, a bronnadh Saoirse Chathair Chorcaí ar George Mitchell ag searmanas ag a raibh an Seanadóir féin i Hall na Cathrach.

Ach ó léiríodh i gcáipéisí nua ón Roinn Dlí agus Cirt i Meiriceá a foilsíodh an tseachtain seo caite go raibh teagmháil go leor idir Mitchell agus Epstein tar éis den airgeadaí a bheith ciontaithe as gáinneáil cailín faoi aois - teagmháil a bhí séanta go minic ag George Mitchell - tá ainm an iarSheanadóra sciúrtha ag Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste d'ionad síochána a bhí ainmnithe in ómós dó agus tá dealbh dó a bhí ar thailte na hOllscoile tógtha as an áit ag an gColáiste.

Tráthnóna ní raibh Comhairle Chathair Chorcaí sásta freagra a thabhairt nuair a fiafraíodh dóibh an raibh sé i gceist an tSaoirse Cathrach a bronnadh air a tharraingt siar.

Dúirt urlabhraí na Comhairle go raibh cinneadh Ollscoil na Banríona "tugtha faoi deara" acu agus gur "bronnadh an gradam aon-uaire sin ar an iarSheanadóir George Mitchell roinnt mhaith blianta sula raibh aon eolas go poiblí faoi na chéad líomhaintí in aghaidh Jeffrey Epstein.

Níl aon ráiteas eile le déanamh ag an gComhairle ar an ábhar i láthair na huaire."