Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

640 post i mbaol agus siopaí EuroGiant á leachtú

04 FEBRUARY 2026, 18:33

Siopa EuroGiant in Inis i gCo an Chláir, ceann de 77 siopa i 20 contae go náisiúnta
X Facebook

Tá leachtaitheoir ceaptha ag an ArdChúirt ar na cuideachtaí ar leo na siopaí miondíola EuroGiant.

77 siopa atá acu ar fud na tíre, agus tá an 640 duine atá fostaithe acu anois ar tí a gcuid postanna a chailleadh.

"Costais a bheith ag ardú" an t-údar atá tugtha ag an dá chuideachta ar leo EuroGiant, EuroGeneral Limited agus Bushgrove Limited, go bhfuil leachtú tosaithe acu.

30 bliain atá EuroGiant i mbun tráchtála ach deir na húinéirí go bhfuil "cíos ag ardú, costais reatha ag ardú, agus iomaíocht níos géire san earnáil miondíola."

Tá sé i gceist na siopaí a choinneáil ar oscailt agus i mbun graithe an fhad is a bheidh athbhreithniú iomlán ar an ngréasán siopaí ar siúl.

Siad Mark Degnan agus Brendan O'Reilly ó Interpath atá ceaptha ag an gCúirt leis an leachtú a fheidhmiú.

Deir urlabhraí EuroGiant go bhfuil siad "ag smaoineamh ar an bhfoireann atá againn agus ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leo as a gcuid obair chrua agus a gcuid díograis le blianta fada."

Dúirt bunaitheoir EuroGiant, Charlie O'Loughlin, gur "lá an-chrua" air féin é tar éis dó a bheith 30 bliain i mbun gnó agus dúirt sé go raibh sé go mór in aiféala agus ghabh sé leithscéal leis an meitheal oibre go léir "atá táim cinnte imníoch agus trína chéile ar a son féin agus ar son a gclann."

Aon siopa amháin a bhí ag Charlie O'Loughlin ar dtús báire ar Shráid an Mhúraigh i mBaile Átha Cliath i 1990, sular scaip siad go Corcaigh, Luimneach, Gaillimh, Dún na nGall agus 20 contae sa n-iomlán.