Tá Foláireamh Oráiste i bhfeidhm i bPort Láirge, agus Foláireamh Buí fógartha do 6 chontae eile, agus báisteach an-trom geallta ar an taobh thoir agus thoir-theas den tír.
Beidh Foláireamh Oráiste ag teacht i bhfeidhm freisin amach sa lá i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin.
Deir Met Éireann go bhful contúirt mhór fuarlaigh sa réigiún leis an lear báistí atá caite aige le coicís atá tar éis aibhneacha a chur thar maoil.
Mairfidh an Foláireamh Oráiste sna Déise go dtí a 9 a chlog maidin amárach.
Ón meánlae inniu go meánlae amárach a mhairfidh an Foláireamh Oráiste san ardchathair agus i gCill Mhantáin.
Beidh bóithre faoi uisce agus tá fainic á chur go tréan ar thiománaithe a bheith rí-chúramach agus gan a ghabháil tré thuilte.
Ina theannta sin tá Foláireamh Buí fógartha chomh maith i gCeatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Loch Garman agus Tiobraid Árann go dtí an 9 maidin amárach.
Beidh an rabhadh i bhfeidhm sa gCabhán, Muineachán agus i gCo Lú ó meánlae inniu, ar feadh 24 uair a chloig.
I ngach cás, tá Oifig na hAimsire ag cur fainic ar dhaoine go bhfuil an talamh bog báite, go bhfuil rabharta faoin taoide, fuarlaigh sna haibhneacha agus go mbeidh tuilte go forleathan.
Deir Comhairle Chontae Chill Mhantáin go bhfuil siad "ullamh agus faoi réir" roimh an bhFoláireamh Oráiste.
Deir siad go bhfuil siad tar éis tabhairt faoi "bhearta coisceartha", ag glanadh draenacha agus silteáin a bhí calctha ag smionagar fuarlaigh; go bhfuil criúnna ar an airdeall le ghabháil amach ag ceantair a bheidh buailte go dona de bharr na báistí; agus go bhfuil siad tar éis cur an athuair leis an stoc málaí gainimh atá ar fáil ag ionaid stórais ar fud an chontae.
Tá bóithre atá faoi uisce dúnta go fóill acu, agus an obair ar siúl go leanúnach a deir siad leis an dochar atá déanta den ghréasán iomlán bóithre a mheas.

I Loch Garman tá an Chomhairle Contae tar éis muir-dhambaí a fheistiú ar na duganna ar an mbaile sula mbeidh sé ina lán-mhara.
Tá Comhairle na Cathrach agus an Chomhairle Contae i bPort Láirge ag soláthar málaí gainimh as ionaid stórais freisin agus tá siad ag moladh go tréan do dhaoine fanacht glan ó cheantair cósta.
Tá Oifig na hAimsire ag cur fainic ar dhaoine go bhfuil rabharta na Féile Bríde linn, go bhfuil gála gaoithe geallta chomh maith leis an mbáisteach mhór, agus go mbeidh sé contúirteach cois cósta.


