Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

'Tá tú i dtír s'againne' arsa Feirisire DUP leis an Uachtarán

05 FEBRUARY 2026, 13:57

An tUachtarán agus MP an DUP tar éis dá Soilse aitheasc a thabhairt i nDoire
X Facebook

Tá Gregory Campbell, Feisire Parlaiminte de chuid an DUP, tar éis a rá leis an Uachtarán Connolly "Tá tú i dtír s'againne" agus chuir sé fainic uirthi gan tabhairt faoi "athscríobh na staire" agus an tUachtarán ar cuairt oifigiúil ar Chathair Dhoire.

Tar éis don Uachtarán aitheasc a thabhairt ag Halla na Cathrach a dúirt fear an DUP a chuid, agus d'fhreagair a Soilse go raibh sí "anseo le bheith ag éisteacht" agus "i ndeire na dála, is daoine ar fad muid agus tá meas ag dul dúinn."

Thagair Gregory Campbell do dhíospóireacht ag a mbeidh sé anocht i mBaile Átha Cliath agus é ag rá ""Tá tú i dtír s'againne. Anocht beidh mise ido thír-sa."

Dúirt sé freisin "níl muid ag fágáil na Ríochta Aontaithe, anois ná go deo, mar sin sílim gur fearr a bheas muid má dhéanann muid iarracht gan tabhairt faoi athscríobh na staire agus muid ar fad ag tógáil don todhchaí."

D'fhreagair an tUachtarán go bhfuil sí "anseo le bheith ag éisteacht" agus d'aontaigh sí nár chóir an stair a athscríobh - "In aon tír, agus i mórchuid tíortha, tugtar faoi athscríobh na staire le ghabháil in oiriúint d'inseacht ar leith."

Dúirt Gregory Campbell "mar a dúirt tú féin inné, saol leamh a bheadh ann dá mbeadh muid ar fad ar aon intinn faoi gach ní - beidh ábhair ann ina mbeidh easaontas eadrainn."

"Tógadh mise" a dúirt an tUachtarán leis "i gclann ceithre dhuine dhéag agus bhí easaontas go minic ann, ach bhí grá agus tuiscint ann, agus i ndeire na dála, is daoine ar fad muid agus tá meas ag dul dúinn, tá sé sin an-tábhachtach."

Ag labhairt leis na meáin ina dhiaidh sin, dúirt an tAontachtóir gur chuir sé "fáilte fial roimpi chuig an gcuid seo den Ríocht Aontaithe, mar a chuirim fáilte roimh gach cuairteoir ó thíortha eile.

Bhí díomá an-mhór orm gur luaigh sí 'Derry' go minic ina hóráid, ach nár thagair sí oiread is uair amháin do "Londonderry'".

"An bealach ón achrann chun na síochána"

President Catherine Connolly is met by Lord Lieutenant Ian Crowe at the city's Guildhall
An Leiftenant Tiarna Ian Crowe ag cur fáilte roimh an Uachtarán Catherine Connolly ag Halla na Cathrach i nDoire

Ina haitheasc mhol an tUachtarán an teacht-aniar atá i muintir Dhoire agus an bhaint a bhí acu le próiseas na síochána.

Labhair sí go sonrach faoi John Hume ón SDLP, David Trimble Aontachtóirí Ulaidh agus Martin McGuinness Shinn Féin.

"Tá Doire" a dúirt an tUachtarán "tar éis an bealach a léiriú dúinn ón achrann chun na síochána, ón ról lárnach a bhí ag an gcathair i nGluaiseacht Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann, go dtí Comhaontú Aoine an Chéasta, go dtí an obair atá fós ar bun sa bpobal.

"Ar an aistir seo ó achrann chun na síochána - aistir atá ar siúl go fóill - is rí-léir dom an teacht-aniar, an chrógacht, an misneach atá ag muintir Dhoire, chomh maith leis an éirim agus acmhainn grinn atá iontu."

Beidh an tUachtarán ar cuairt níos deireanaí ar Mhúsaem Shaoirse Dhoire agus beidh cruinniú príobháideach aici le daoine muinteartha leo siúd a maraíodh ar Dhomhnach na Fola.

Ina haitheasc thagair sí do "bhreithiúnais atá tugtha le gairid" agus dúirt sí go bhfuiltear "fós ag feitheamh le ceart agus cóir".

Mí Dheireadh Fómhair anuraidh fritheadh an Saighdiúir F - a bhíodh i Reisimint Paraisiút Arm na Breataine - neamhchiontach i 2 chúis faoi dhúnmharú agus 5 chúis faoi iarracht ar dhúnmharú a bhí curtha ina leith a rinne sé Domhnach na Fola.

Inniu freisin beidh an tUachtarán ar cuairt ar Mhúsaem an Léigir a thugann cuntas ar an léigear a déanadh ar Dhoire i 1689 agus ar bhunú na bPrintíseach, ceann de na hoird dílis.

Ina hóráid labhair an tUachtarán faoin méid atá á fhulaingt ag daoine ar fud na cruinne, agus faoi labhairt amach ar a son.

Is ionann a dúirt sí sárú na córa i Doire, agus i nGaza, agus sa tSúdáin.

Tá an tUachtarán gaibhte ó Thuaidh ó inné ar chuairt 3 lá ar Thuaisceart Éireann, an chéad chuairt oifigiúil aici, mar a gheall sí a dhéanfadh sí ag a hinsealbhú.

' />