Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

Duine maraithe, tuilleadh gortaithe i dtubaiste bus i mBÁC

05 FEBRUARY 2026, 15:19

Gardaí agus seirbhísí éigeandála ar dualgas ar Shráid an Iarla Thuaidh
X Facebook

Tá duine amháin tar éis bháis agus tá triúr gortaithe - an tiománaí ina measc - agus iad san ospidéal tar éis do bhus tiomáint síos sráid coisithe i mBaile Átha Cliath tráthnóna.

An tAire Dlí is Cirt Jim O'Callaghan a dheimhnigh go raibh duine maraithe sa n-eachtra ar Shráid an Iarla Thuaidh agus é ag cásamh an drochscéala le muintir na mairbh.

The scene on Talbot Street in Dublin city centre after a number of pedestrians were hit by a double-decker bus

Tá Bus Éireann tar éis ráiteas a dhéanamh nach raibh an bus i mbun seirbhíse ag an am.

View of bus crash in Dublin

Bus dhá urlár de chuid Bhus Éireann a bhí ag teacht aníos Sráid Thalbóid thart ar 12.30 san iarnóin le casadh ar chlé de réir an chóras aontreo.

Is cosúil áfach gur lean an bus gan casadh, go ndeachaigh sí trasna an bhóthair suas ar cheantar coisithe Shráid an Iarla Thuaidh.

Bus crash Dublin city

Cuireadh fios ar otharchairr agus ar 4 aonad den bhriogáid dóiteáin agus tugadh an dream a bhí gortaithe chun bealaigh.

a garda car with a garda standing beside it on dublin's north earl street

Tá na Gardaí ar an láthair, agus iad tar éis Sráid Thalbóid a dhúnadh chomh fada le Sráid Ghairdinéir, agus tá Sráid Marlborough dúnta chomh fada le Sráid Chathail Brugha, agus an trácht á cur ar malairt slí.

Cuireadh seirbhísí an Luais ar an Líne Ghlas ar fionraí ar feadh cúpla uair a chloig.

Deir ArdMhéara na cathrach Ray McAdam go bhfuil plean iomlán éigeandála feidhmithe, go bhfuil na húdaráis i mbun bainistíochta ar a bhfuil tarlaithe, agus d'iarr sé ar dhaoine gan cruinniú san áit agus deis a thabhairt don mheitheal éigeandála a gcúram a dhéanamh.

' />