Tá Larry Murrin tar éis a rá leis an gCoiste Oireachtais ar an Talmhaíocht go bhfuil sé "fós lán-tiomanta" don ról atá aige ina Chathaoirleach ar an mBord Bia, in ainneoin na n-agóidí ag éileamh air éirí as tar éis é a bheith faighte amach go bhfuil an chuideachta atá faoina chúram - Dawn Farms - ag allmhairiú mairteola as an mBrasaíl dá dtáirgí feoil bhruite.
Dúirt Larry Murrin go raibh sé "lán-dáiríre" agus é ag rá go dtuigeann sé "an frustrachas atá á léiriú ag feirmeoirí, agus glacaim go hiomlán lena gceart a n-imní a chur i n-iúl.
Ach ní ghlacaim áfach le iompar baill den IFA atá á lonnú féin le roinnt laethanta ag fáiltú fhoirgneamh an Bhord Bia."
Deir feirmeoirí - Cumann na bhFeirmeoirí (an IFA) agus Cumann na bhFeirmeoirí Bainne (an ICMSA) ina measc - gur coimhlint leasa é Dawn Farms a bheith ag allmhairiú feola de chuid na Brasaíle agus Larry Murrin in ainm is a bheith ag cur chun cinn bia na hÉireann, agus dá bharr sin nach bhféadfaidh sé fanacht ina Chathaoirleach ar an gcomhlacht stáit.
Dúirt Murrin tráthnóna "nach raibh aon choimhlint riamh agam ó thaobh na cathaoirleachta dhe, agus mé ann leis an mBord a stiúradh agus éifeachtacht an Bhoird a chinntiú."
Sheas Larry Murrin leis an leas a bhaineann Dawn Farms as mairteoil as an mBrasaíl agus dúirt sé leis an gCoiste go mbíonn siad "ag soláthar feoil bhruite ag mórchuid brandaí móra idirnáisiúnta" agus go bhfuil sé de dhualgas orthu níos mó ná foinse amháin mairteola a bheith acu "ar eagla géarchéim bia, ráig d'aicíd, nó i gcás go gcuirfí as don soláthar in áit ar bith sa nEoraip."
"Ní mór do Dawn Farms" an sruth eile feola sin a dúirt sé "a bheith cinntithe, agus ar fáil go seasmhach, cleachtaithe".
Dúirt sé gur cheannaigh Dawn Farms níos lú ná 1% dá gcuid mairteola as an mBrasaíl "ar mhaithe leis an bpleanáil theagmhasach" agus nach lagaíonn "an céatadán beag sin ár ndúthracht i leith fheoil na hÉireann agus fheirmeoirí na hÉireann."
Dúirt Larry Murrin freisin gur thairg sé comhráití le Cumann na bhFeirmeoirí "ach diúltaíodh an tairiscint sin agus h-éilíodh toradh amháin."
Chuir an Cathaoirleach ar an mBord Bia agus Príomhfheidhmeannach Dawn Farms fainic ar an gCoiste go bhfuil an t-aighneas atá ann faoin scéala "ag déanamh dochair d'earnáil an bhia, agus tá an chontúirt ann go gceapfar fúinn nach bhfuil feirmeoirí ná lucht onnmhaire na hÉireann ar fáil chun graithe."


