Tá cinneadh an Rialtais fáil réidh leis an riachtanas a bhíodh ann go mbeadh diagnóis fhoirmeálta de mhíchumas ar leith ag gasúr le clárú i scoil speisialta cáinte ag príomhoidí ar na scoileanna sin.
Deir Cumann na bPríomhoidí Scoileanna Speisialta (an NASSP) go bhfuil mír chinniúnach den phróiseas clárúcháin curtha go leataobh agus go ndéanfar dochar de bhreith ghairmiúil scoileanna ar an socrúchán cuí agus na torthaí foghlamtha is fabhraí do dhaltaí.
Mí na Nollag a d'fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais Norma Foley an réimeas nua.
Dúirt an tAire ag an am gur chun a chinntiú go mbeadh an tacaíocht atá ag teastáil ó ghasúr, agus chun an t-am a chaitear ar mheasúnú a laghdú, a bhí an leasú á dhéanamh ag an Roinn.
Ach deir Cumann na bPríomhoidí gur fógraíodh an cinneadh gan a ghabháil i gcomhairle in aon chor le scoileanna speisialta.
Deir ComhChathaoirleach an NASSP Matt Swain go bhfuil "an bonn bainte de chumas scoileanna speisialta tabhairt faoi phleanáil agus soláthar agus cúram pháistí leochaileacha.
Is bun-fhianaise í tuarascáil ghairimiúil ar chumas páiste le cinntiú go socraítear dalta san suíomh scolaíochta is oiriúnaigh."
Deir an Cumann go mb'fhéidir go mbeadh ar scoileanna glacadh anois le daltaí gan tuiscint iomlán ag an scoil ar dhiagnóis, ná próifíl forbartha, ná riachtanais tacaíochta an dalta, rud a chuirfeadh leis an mbaol go ndéanfaí socrúchán míchuí.
Chuirfí as freisin a deir siad do phleanáil foirne, dáileadh acmhainní agus cláir foghlamtha pearsantaithe, agus go mb'fhéidir go gcuirfí as don soláthar oideachais do gach dalta.
Tá imní ar phríomhoidí freisin nach mbeifear inann láthair shábháilte foghlamtha a chinntiú, go háirid agus an oiread brú mar atá ar an bhfoireann teagaisc.
Tá siad ag impí ar an Roinn Oideachais gníomhú i gcuideachta le bainistíocht agus cinnireacht na scoileanna le theacht ar straitéis níos fearr.


