Tá iarratas ar chead pleanála déanta ag an Údarás Náisiúnta Iompair le saoráid nua páirceáil agus taistil a chur ar fáil i mbruachbhaile idir Bearna i gConamara agus Cathair na Gaillimhe.
Faoin bhforbairt bheadh sé i gceist líon na mbusanna go dtí agus as Cnoc na Cathrach a mhéadú, chomh maith le beartais eile taistil ghníomhach a chur chun cinn.
176 áit páirceála do charranna, chomh maith le spásanna bus, atá súil a thógáil ar shuíomh in aice le Páirc na Ceapaí.
Faoi iarratas an Údaráis Iompair bheadh roinnt athruithe le déanamh ar bhóithre chuig an ionad nua.
Tá sé i gceist le tamall lear na gcarranna a laghdú ar Bhóthar Dáileacháin an Iarthair, príomhchuisle tráchta an bhruachbhaile, a bhíonn tachtaithe go rialta ag tranglam.
Tá sé beartaithe go mbeadh 2 shlí nua busanna as an ionad páirceáil agus taistil, mar chuid den scéim BusConnects atá beartaithe don chathair uilig, scéim atá sáinnithe faoi láthair de bharr dúshlán dlí.
Tá plean ann freisin leis na lánaí rothaíochta atá faoi láthair ar Bhóthar Dáileacháin an Iarthair a uasghrúádú, ach níl aon lánaí bus beartaithe ón ionad nua atá ón Údarás Iompair.


