Lámhachadh agus maraíodh naonúr, seachtar acu i meánscoil, i mbaile beag i gcúige British Columbia in iarthar Cheanada.
Gortaíodh 27 duine eile san ionsaí lámhaigh a tharla i mbaile Tumbler Ridge atá suite ag bun shléibhte na Rockies, tuairim is 120 ciliméadar siar ó dheas ó chathair Dawson Creek.
Tuigtear go bhfuil beirt den dream a gortaíodh go dona tinn.
Tá sé á thuairisciú ag na meáin i gCeanada gur baineannach an té a bhí freagrach as an ionsaí lámhaigh agus meastar go bhfuil sí i measc na marbh.
Chomh maith leis an seachtar a maraíodh sa scoil, fuarthas dhá chorp eile i dteach.
Tá na dlíthe maidir le húinéireacht arm tine i gCeanada níos déine ná mar atá siad sna Stáit Aontaithe ach tá cead ag saoránaigh gunna a bheith acu fad is atá ceadúnas acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


