Tá sé fógartha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go ndéanfar scrúdú leighis breise, scrúdú iarobráide, ar chuid de na leanaí a bhfuil athbhreithniú neamhspleách á dhéanamh ar na hobráidí a rinneadh orthu in dhá ospidéal i mBaile Átha Cliath, mar atá, Ospidéal na Leanaí Shráid Temple agus Ospidéal Náisiúnta Ortaipéideach na Ceapaí.
Baineann an scéal le hobráidí a rinne máinlia áirithe ar leanaí sa dá ospidéal sin idir 2016 agus 2023.
Obráidí dromlaigh agus cromáin den chuid is mó a bhí i gceist, chomh maith le hobráidí a bhain le géaga a athchruthú.
91 leanbh a bhí i gceist agus tugadh le fios inniu go bhfuiltear ag iarraidh scrúdú leighis breise a dhéanamh ar 62 acu.
An Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, dúirt sé nach bhfuiltear imníoch faoi shláinte aon duine den 62 ach gur mian le lucht leighis a fháil amach an raibh rath ar na hobráidí a rinneadh orthu de réir mar a beartaíodh.
Tá litir seolta chuig tuismitheorí na leanaí atá i dtreis.
Is i mí Mheán Fómhair 2023 a socraíodh athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar obair an mháinlia nuair a tháinig sé chun solais gur buaileadh tinn roinnt leanaí i ndiaidh dóibh dul faoi scian sa dá ospidéal.
Is é an saineolaí neamhspleách ón mBreatain an Dr Selvadurai Nayagam a bhí i mbun an athbhreithnithe agus tá a chéad tuarascáil curtha i dtoll a chéile agus curtha faoi bhráid an Rialtais aige.
Inniu, ag éisteacht de Choiste Sláinte an Oireachtais, dúirt an tAire Sláinte Jennifer Carroll McNeill cé gur mhaith léi an tuarascáil sin a fhoilsiú nach bhféadfadh sí é sin a dhéanamh faoi láthair ar chúinsí dlí.
Tá an dara tuarascáil idir lámha ag an Dr Nayagam i gcónaí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


