Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Ba é Freddie Scappaticci an brathadóir dár gaireadh Stakeknife'

11 FEBRUARY 2026, 21:52

An brathadóir Freddie 'Stakeknife' Scappaticci
X Facebook

I nDáil Éireann, dhearbhaigh an Taoiseach Micheál Martin gurbh é Freddie Scappaticci as Béal Feirste an brathadóir sinsearach san IRA ar thug arm na Breataine Stakeknife mar leasainm air.

Ag trácht dó ar thuarascáil Kenova a foilsíodh roimh an Nollaig, dúirt an Taoiseach go mb'eol do chách sa Dáil cheana féin gurbh é Freddie Scappaticci an té a bhí i gceist.

Ní dúradh i dtuarascáil Kenova cérbh é Stakeknife mar nár cheadaigh na húdaráis sa Bhreatain é ar chúinsí slándála.

Dúirt an Taoiseach go raibh Freddie Scappaticci ag obair d'arm na Breataine idir na 1970í agus na 1990í agus go raibh sé bainteach le coireanna gránna agus tromchúiseacha a rinne an tIRA Sealadach i gcaitheamh na mblianta sin, lena n-áirítear ceithre dhúnmharú dhéag agus cúig fhuadach déag.

Is mithid a ainm ceart a fhoilsiú go hoifigiúil, a dúirt Micheál Martin.

Fuair Freddie Scappaticci bás i Sasana in 2023.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ