Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Parlaimint na hEorpa sásta iasacht ollmhór a thabhairt don Úcráin

11 FEBRUARY 2026, 18:04

Parlaimint na hEorpa: vótáil 458 feisire i bhfabhar iasacht a thabhairt don Úcráin vótáil 140 ina aghaidh
X Facebook

Vótáil Parlaimint na hEorpa i bhfabhar iasacht de €90 billiún a thabhairt don Úcráin as seo go ceann dhá bhliain.

Is ar airm a chaithfear €60 billiún den mhéid sin agus ar riachtanais eacnamaíochta a chaithfear an chuid eile.

458 feisire a vótáil i bhfabhar na hiasachta agus 140 a vótáil ina haghaidh.

Deichniúr den cheithre fheisire dhéag as an Stát seo a vótáil ina fabhar. Vótáil beirt fheisirí Shinn Féin ina haghaidh.

Bhí an margadh déanta seachtain roimh an Nollaig i ndáiríre, tráth a shocraigh ceannairí na mballstáit an iasacht a cheadú.

Roimhe sin, bhí caint ar an Úcráin a mhaoiniú le sócmhainní ón Rúis atá calctha san Aontas Eorpach ach caitheadh an moladh sin i gcártaí ar deireadh.

Ós sa Bheilg atá bunáite na sócmhainní calctha, bhí imní ar an tír sin go háirithe go bhféadfadh an Rúis an dlí a chur uirthise thar aon bhallstát eile dá gcuirfí an moladh i bhfeidhm.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ