Cuireadh clabhsúr le héisteacht na fianaise sa Chúirt Achomhairc Choiriúil inniu i gcás John McDonagh as an gCeathrú Rua i gConamara atá ag déanamh achomhairc in aghaidh a chiontaithe i ndúnmharú agus in éigniú déagóra i 1998.
Tar éis don triúr breithiúna éisteacht le haighneachtaí ó abhcóidí sinsearacha ar son an Stáit agus ar son an chiontaigh, d'fhógair siad go raibh a mbreithiúnas á fhorchoimeád acu.
Tabharfaidh siad a mbreithiúnas lá níos faide anonn, a dúirt siad, ach ní dúirt siad cén lá go baileach.
In 2001, ciontaíodh John McDonagh, atá 51 bliain d'aois anois, in éigniú agus i ndúnmharú Shiobháin Ní Eidhin, cailín scoile seacht mbliana déag d'aois, as Leitir Móir i gConamara.
Tá sé ag iarraidh, áfach, go ndéanfaí atástáil ar fhianaise fhóiréinseach a bhain lena chiontú.
Sa chúirt inniu, dúirt abhcóide an Stáit Paul Carroll go raibh sé de cheart ag muintir Shiobháin Ní Eidhin an cás seo a chur díobh agus nár chóir fadú lena mbriseadh croí.
Bhí cuid de dhaoine muinteartha Shiobháin sa chúirt inniu, a deirfiúr Áine ina measc.
Dúirt Paul Carroll nár chóir atástáil ar an bhfianaise a cheadú mar nach raibh na saineolaithe a thug fianaise ar son John McDonagh, nach raibh siad cinnte de go dtiocfadh eolas breise as.
Os a choinne sin, dúirt abhcóide an chiontaigh Michael O’Higgins go bhféadadh iomrall ceartais a bheith ann mura gceadófaí atástáil ar an bhfianaise.
Mhaígh sé gur léirigh na saineolaithe sa chúirt go raibh seans ann go bhféadfaí teacht ar eolas nua anois agus an-dul chun cinn déanta i gcúrsaí tástála DNA ó 1998.
Dúirt sé go deimhin nár tástáladh cuid de na samplaí fóiréinseacha ar chor ar bith agus gur cheart iad a thástáil anois.
Bhí John McDonagh i láthair na cúirte inniu agus inné agus an t-achomharc á chur faoi bhráid na mbreithiúna ag a dhlíodóirí.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


