Tá foláireamh buí aimsire fógartha ag Met Éireann ar fud na tíre agus an teocht le titim go suntasach i ngach áit oíche amárach.
Beidh sioc agus leac oighir forleathan agus deirtear go bhféadfadh an teocht a bheith chomh híseal le ceithre chéim faoi bhun an reophointe in áiteanna.
Comhairlítear do thiománaithe go háirithe a bheith san airdeall ar an sceo oighir ar na bóithre.
Beidh feidhm leis an bhfoláireamh buí idir 9 a chlog oíche amárach agus 10 a chlog maidin Dé Sathairn.
Beidh sé an-fhuar i gcaitheamh na hoíche ach ardóidh an teocht de réir a chéile ina dhiaidh sin.
Éireoidh sé fuar arís ar an Luan, ámh, agus d'fhéadfadh an teocht a bheith chomh híseal le trí chéim faoi bhun an reophointe in áiteanna an lá sin.
Go ginearálta, a deir Met Éireann, beidh neart báistí ann chomh maith leis bhfuacht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


