Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cás Daniel Aruebose: fear scaoilte saor ag na Gardaí

12 FEBRUARY 2026, 09:37

Bhí Daniel Aruebose trí bliana d'aois nuair a chonacthas é go deireanach
X Facebook

Scaoileadh saor aréir gan aon chion a chur ina leith an fear sna fichidí a ghabh na Gardaí arú inné maidir le dúnmharú Daniel Aruebose, an buachaill trí bliana d'aois a bhfuarthas a chnámhiarsmaí i nDomhnach Bat i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath an fómhar seo caite.

Dúirt na Gardaí go raibh comhad i dtaca leis an bhfear á chur i dtoll a chéile acu le haghaidh Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.

Gabhadh an fear ag Aerfort Bhaile Átha Cliath Dé Máirt seo caite tar éis do na húdaráis sa Bhrasaíl é a dhíbirt as an tír sin.

Bhí Daniel Aruebose ina chónaí in Árasáin an Ghailearaí i nDomhnach Bat nuair a chonacthas é go deireanach in 2021 agus fuarthas a chnámhiarsmaí ar thalamh gan saothrú ar Bhóthar Phort Reachrann sa cheantar céanna ar an 17 Meán Fómhair anuraidh.

Thosaigh na Gardaí ag cuardach don bhuachaill nuair a chuir an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, Tusla, an cás ar a súile dóibh.

Tháinig an chúis chun solais nuair a rinneadh iarratas ar íocaíocht leasa shóisialta.

Nuair a fiosraíodh an t-iarratas tuilleadh, áfach, fuarthas amach nach raibh aon chruthúnas ann go ndeachaigh an buachaill ar scoil riamh.

Gabhadh bean sna fichidí faoin gcás roimh an Nollaig ach scaoileadh saor í gan aon chion a chur ina leith.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ