Bronnadh Bonn Scothsheirbhíse ar shéiplíneach in Óglaigh na hÉireann a sádh agus a gortaíodh go dona i nDún Uí Mhaoilíosa sa Rinn Mhór i nGaillimh bliain go leith ó sin.
D'ionsaigh ógánach seacht mbliana déag d'aois an tAthair Paul Murphy taobh amuigh den bheairic ar an 15 Lúnasa 2024.
Bronnadh Boinn Scothsheirbhíse freisin ar an triúr saighdiúirí a tháinig i gcabhair ar an Athair Murphy an oíche úd. Sin iad an Ceannaire Daniel Padden, an Saighdiúir Singil Dylan Geraghty agus an Saighdiúir Singil Ciara Shanahan.
Tháinig an tAthair Murphy tríd agus chuaigh sé i mbun a dhualgais arís cúpla mí i ndiaidh an ionsaithe.
Anuraidh, gearradh téarma príosúin deich mbliana ar an ógánach a d'ionsaigh an sagart tar éis dó pléadáil ciontach in iarrracht a dhéanamh é a dhúnmharú.
Sa chúirt, d'iarr an t-ógánach a phardún ar an Athair Murphy agus dúirt an sagart leis gur mhaith sé an feillghníomh dó.
Dúirt an tAthair Murphy inniu go raibh sé an-bhuíoch as an ngradam scothsheirbhíse a bronnadh air agus thar a bheith sásta gur tugadh aitheantas freisin don triúr a d'fhóir air.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


