Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear neamhchiontach i ndúnmharú a athar ar bhonn gealtachta

12 FEBRUARY 2026, 17:04

Henry McGowan (Pic: ABC News)
X Facebook

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, fuarthas neamhchiontach i ndúnmharú fear 31 bliain d'aois as na Stáit Aontaithe a mharaigh a athair i gCo Laoise bliain agus ráithe ó shin. Is ar an mbonn go raibh an fear as a mheabhair ag an am a fuarthas neamhchiontach i ndúnmharú é.

Mharaigh Henry McGowan a athair John McGowan, a bhí 66 bliain d'aois, in óstán i nDiméin an Bhaile Fhinn in aice le Port Laoise ar an 12 Samhain 2024.

Sa triail, dúirt síciatraithe ar son na cosanta agus ar son an ionchúisimh araon leis an ngiúiré go raibh neamhord scitseamothachtálach ar Henry McGowan ag an am.

Dúradh nach raibh aon neart ag Henry McGowan ar a ndearna sé, nár thuig sé ag an am cad a bhí sé a dhéanamh agus nár thuig sé go raibh an rud a rinne sé mícheart – trí shlat tomhais na gealtachta i gcúiseanna dlí mar é.

Tugadh le fios sa triail gur tháinig Henry McGowan go hÉirinn an lá roimh an marú agus go ndeachaigh sé go hOspidéal an Mater i mBaile Átha Cliath an lá dar gcionn, áit ar tugadh oideas leighis dó.

John McGowan, who was killed at Ballyfinn Demense Hotel
John McGowan

Bhí a athair tar éis é a leanúint go hÉirinn le súil é a thabhairt abhaile go Meiriceá agus chuaigh sé faoina dhéin san ospidéal.

Chuaigh an bheirt as sin go dtí an t-óstán i gCo Laoise, áit ar thacht Henry McGowan a athair an oíche sin.

Tiocfaidh an chúis os comhair na cúirte arís seachtain ó amárach, tráth a thabharfar cuntas ar an gcóireáil leighis atá le cur ar Henry McGowan agus é faoi choinneáil.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ