Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Slad ar éisc san Abhainn Mhór: 'ciall cheannaithe de dhíth'

13 FEBRUARY 2026, 12:25

Maraíodh 42,000 iasc sa slad san Abhainn Mhór, na bric bhuí fhiáine seo ina measc
X Facebook

Deirtear i dtuarascáil nua ón gCoimisiún Eorpach nár mhór do na húdaráis in Éirinn ciall cheannaithe a bheith acu agus feabhas a chur ar an gcaoi a dtéann siad i ngleic le sladanna tromchúiseacha ar éisc in aibhneacha na tíre.

Baineann an tuarascáil leis an slad mór a rinneadh ar éisc san Abhainn Mhór in aice le Mala i dtuaisceart Chorcaí mí Lúnasa seo caite.

Áirítear gur maraíodh 42,000 iasc – bric bhuí fhiáine a mbunáite – i bhfad 30 ciliméadar den Abhainn Mhór idir Baile Lombaird agus Cill an Mhuilinn agus in dhá fho-abhainn léi, mar atá, An Abha Bheag agus An Chlaoideach.

Ba é an slad ar éisc ba mhó riamh sa Stát é ach ní fios fós cad ba chionsiocair leis.

Deirtear sa tuarasacáil go ndeachaigh na gníomhaireachtaí ábhartha – léithéidí Iascach Intíre Éireann agus Chomhairle Contae Chorcaí – go ndeachaigh siad i ngleic leis an tubaiste éiceolaíochta ar an bpointe agus go loighciúil.

Mar sin féin, a deirtear, caithfidh an comhordú idir na gníomaireachtaí éagsúla feabhsú agus caithfidh an chumarsáid phoiblí a bheith níos soiléire feasta.

Ceann eile de na moltaí is suntasaí a dhéantar sa tuarascáil is ea monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar aibhneacha na tíre agus torthaí na monatóireachta sin a fhoilsiú ar líne i gcás aibhneacha atá níos mó ná 100 ciliméadar ar fad.

Na taighdeoirí a chuir an tuarascáil i dtoll a chéile, labhair siad le slatiascairí agus le daoine eile sa cheantar a bhfuil guthaíocht acu ar an gceist agus cuireadh a ndúirt siad san áireamh sa tuarascáil.

Cháin na daoine áitiúla sin na gníomhaireachtaí a d'fhiosraigh an slad as díríú an iomarca ar ghalar fungasach i measc na n-iasc a aimsiú nuair ba léir, dar leis na daoine sin, gur truailliú na habhann ba chúis leis.

Mar leis na moltaí sa tuarascáil, dúirt an tAire Stáit a bhfuil cúraimí iascaigh air, Timmy Dooley, dúirt sé go raibh siad praiticiúil agus dearfach.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ