Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tuilte san oirthear mar gheall ar an tulca báistí

13 FEBRUARY 2026, 18:51

Abhainn na Tulchann i nDroim Conrach i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath
X Facebook

Tá tuilte i roinnt mhaith áiteanna i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar maidin agus é ag báisteach ar dalladh sa cheantar ó dheireanach aréir.

Tá foláireamh buí báistí fógartha ag Met Éireann i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin a mbeidh feidhm leis go meán lae.

Tá bóithre faoi uisce i Seantrabh, i Sord agus sa Ros – lena n-áirítear codanna de mhótarbhealach an M1 agus codanna de bhóthar an R108 in aice leis an aerfort – agus tuairiscítear na scuainí tráchta a bheith in áiteanna éagsúla ar fud na cathrach.

Tá sé tugtha le fios ag Bus Átha Cliath go bhfuil roinnt busanna curtha malairt slí mar gheall ar na fuarlaigh.

Flooding in the basement car park of an apartment block
Carrchlós faoi thalamh i gCluain Ghrífín i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath

Tá sé ag cur báistí go seasta in oirthear na tíre le trí seachtaine, i ndáil leis, agus tá damáiste suntasach déanta ag na tuilte do thithe cónaithe agus d'ionaid ghnó i mBaile Átha Cliath, i gCill Mhantáin agus i Loch Garman.

Deir Met Éireann go raibh mí Eanáir ar an Eanáir ba fhliche in Éirinn ó 2018.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ