Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Míshástacht faoin bhfógra gearr roimh an díle bháistí

13 FEBRUARY 2026, 19:22

Carrchlós faoi thalamh agus faoi uisce i mBaile Ghrífín i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath
X Facebook

Bhí tuilte i roinnt mhaith áiteanna i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath agus sa limistéar máguaird ar maidin inniu tar éis an doirteadh fearthainne a bhí ann i gcaitheamh na hoíche.

D'fhógair Met Éireann foláireamh buí fearthainne i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin i dtráthanna beaga na maidine ar tháinig feidhm leis ag an am céanna.

Tuigtear, áfach, go bhfuil Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath míshásta gur rugadh gairid orthu agus nár eisíodh an foláireamh roimhe sin le go mbeadh deis acu ullmhú i gcomhair an tulca a bhí le teacht.

Tá sé tugtha le fios ag an gComhairle Cathrach go bhfuil an scéal á fhiosrú acu.

Over flow car park area Newbridge Demesne at Cobbes Lane
Páirc i nDiméin an Droichid Nua, Domhnach Bat

An meitéareolaí le Met Éireann, Mark Bowe, dúirt sé go raibh an aimsir ag athrú i gcaitheamh na hoíche, gur scéal casta a bhí ann agus gur socraíodh an foláireamh buí a fhógairt ag 2.37 ar maidin nuair ba léir go raibh an bháisteach níos troime ná mar a tuaradh.

Idir sin agus an t-uisce ón mbáisteach a bhí ann cheana agus nár shíothlaigh fós, arsa Mark Bowe, ba dhá mhó an trioblóid.

Mar leis an aimsir atá le teacht, tá foláireamh buí oighir fógartha ag Met Éireann ar fud na tíre idir 9 a chlog anocht agus 10 a chlog ar maidin amárach agus deir siad go mb'fhéidir go mbeadh an teocht chomh híseal le ceithre chéim faoi bhun an reophointe in amanna.

Train stuck at flooding on the rail line
An t-iarnród ag Droichead Broome

Ní hé sin deireadh an scéil, áfach, agus i ndiaidh na coscartha tiocfaidh tuilleadh fearthainne.

Go deimhin, beidh foláireamh buí fearthainne i bhfeidhm i gCorcaigh agus i gCiarraí idir an meán lae agus an mheán oíche amárach.

Beidh an foláireamh céanna i bhfeidhm i gConnachta, i nDún na nGall, sa Chabhán agus sa Longfort – ach i gceann na fearthainne beidh sneachta sna háiteanna sin.

Flood water in north Dublin
Páirc i gCluain Ghrífín

Tá sé ag cur báistí go seasta in oirthear na tíre le trí seachtaine, i ndáil leis, agus tá damáiste suntasach déanta ag na tuilte do thithe cónaithe agus d'ionaid ghnó i mBaile Átha Cliath, i gCill Mhantáin agus i Loch Garman.

Deir Met Éireann go raibh mí Eanáir ar an Eanáir ba fhliche in Éirinn ó 2018.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ