Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fiosrúchán dúnmharaithe faoi bhás fir i mBéal Feirste

13 FEBRUARY 2026, 19:17

Fear 32 bliain d'aois fós á cheistiú ag na póilíní i mBéal Feirste
X Facebook

Tá sé deimhnithe ag na póilíní i mBéal Feirste tráthnóna gur fiosrúchán dúnmharaithe atá ar bun acu i dtaca le bás fir 33 bliain d'aois sa chathair arú inné.

Ní raibh ráite ag na póilíní go dtí seo ach go raibh bás an fhir á fhiosrú acu.

Fuarthas an fear gan mheabhair gan arann i dteach ar Bhóthar Chromail i ndeisceart na cathrach ag thart ar am lóin ar an gCéadaoin agus bhásaigh sé san ospidéal go gairid ina dhiaidh sin.

Fear 32 bliain d'aois a ghabh na póilíní faoi bhás an fhir, tá sé á cheistiú acu i gcónaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ