Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Tubaiste bóthair i Luimneach: Gardaí fós sa tóir ar thiománaí

16 FEBRUARY 2026, 11:28

Bhí Áine O'Reilly ag obair mar bhanaltra i seirbhís leighis Shannondoc i Luimneach
X Facebook

Deir na Gardaí go bhfuil siad sásta leis an dul chun cinn atá siad a dhéanamh san fhiosrúchán atá ar bun acu faoi thubaiste bóthair i gCo Luimnigh Dé hAoine seo caite inar maraíodh banaltra.

Maraíodh Áine O'Reilly, a bhí 33 bliain d'aois, nuair a bhuail trí ghluaisteán faoina chéile ar bhóthar an N24 sa Ghráinseach Thiar go gairid tar éis 11 a chlog oíche Dé hAoine.

Theith tiománaí ceann den dá ghluaisteán eile ón láthair agus d'fhág sé a fheithicil ina dhiaidh.

Gortaíodh tiománaí an ghluaisteáin eile – fear sna daichidí – ach deirtear nach bhfuil sé i mbaol báis.

Tá na Gardaí fós sa tóir ar an tiománaí a theith ón láthair agus i ráiteas dúirt siad go raibh siad an-bhuíoch as an gcabhair a fuair siad ón bpobal go dtí seo.

Ba as an tSeanphailís i gCo Luimnigh Áine O'Reilly agus bhí sí ar bealach chun a cuid oibre i gcathair Luimnigh nuair a tharla an tubaiste.

Bhí sí ag obair in Shannondoc, seirbhís leighis atá ar fáil taobh amuigh ghnáthuaireanta oifige.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ