Tá Éire i measc na dtíortha atá tar éis comhairliú dá saoránaigh gan dul go Cúba, mura bhfuil sé riachtanach, i bhfianaise na géarchéime eacnamaíochta agus daonnúla sa tír sin.
Baineann an scéal leis an imshuí eacnamaíochta atá na Stáit Aontaithe a dhéanamh ar Chúba a bhfuil géaraithe air le gairid.
Níl sé á cheilt ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump gur mian leis Rialtas Chúba a threascairt agus tá an tír á cur faoi luí na bíse aige le súil an aidhm sin a bhaint amach gan mhoill.
Stát aonpháirtí – an páirtí cumannach – is ea Cúba agus is dream a bheadh fabhrach do Mheiriceá a theastaíonn ó Trump cur i gcumhacht ann.
Tá an ainnise tar éis dul in olcas i gCúba ó d'fhuadaigh na Meiriceánaigh Uachtarán Veiniséala Nicolas Maduro, comhghuaillí le Cúba, i dtús na bliana.
Roimhe sin, bhí Cúba ag brath ar sholáthairí breosla ó Veiniséala ach tá smacht ag na Meiriceánaigh ar easpórtálacha ola ón tír sin anois.
Ina cheann sin, bhagair Trump taraifí nua a ghearradh ar aon tír eile a leomhfadh ola a sholáthar do Chúba.
Tá deich milliún duine ina gcónaí i gCúba agus dar leis na Náisiúin Aontaithe go bhfuil cuid mhór acu gan riar a gcáis mar gheall ar an imshuí eacnamaíochta.
Is ar éigean atá rothaí an stáit ag dul timpeall faoi láthair, a deirtear, agus tá ospidéil agus seirbhísí riachtanacha eile gan feidhmiú.
Tá Éire ar cheann de na tíortha a vótálann go minic ar son rún i gcruinnithe de na Náisiúin Aontaithe ag iarraidh ar na Meiriceánaigh deireadh a chur leis an tachtadh atá siad a dhéanamh ar Chúba.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


