Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Jo Jo Dullard, Deirdre Jacob: cuardach ar bun i gCill Mhantáin

16 FEBRUARY 2026, 18:20

Jo Jo Dullard agus Deirdre Jacob, beirt atá ar iarraidh agus a chreidtear a dúnmharaíodh
X Facebook

Tá na Gardaí i mbun cuardaigh i gcairéal in iarthar Chontae Chill Mhantáin mar chuid dá bhfiosrúchán faoinar bhain do bheirt bhan óga atá ar iarraidh ó na 1990idí.

Ceaptar gur dúnmharaíodh an bheirt, Jo Jo Dullard agus Deirdre Jacob.

Bhí Jo Jo Dullard 21 bliain d'aois nuair a chonacthas í go deireanach i Maoin i gCo Chill Dara ar an 9 Samhain 1995.

Bhí sí ar a bealach abhaile go Callainn i gCo Chill Chainnigh as Baile Átha Cliath ag an am.

Ocht mbliana déag d'aois a bhí Deirdre Jacob nuair a chonacthas í go deireanach gar dá teach cónaithe i nDroichead Nua i gCo Chill Dara ar an 28 Iúil 1998.

Gardaí search for the remains of JoJo Dullard and Deirdre Jacob in an area of land on a quarry on Castleruddery Upper in Co Wicklow
Tochailt ar bun i gcairéal in iarthar Chill Mhantáin

Is ar an teorainn le Co Chill Dara in iarthar Chill Mhantáin atá an cuardach ar bun ag na Gardaí.

Tá an cairéal á thochailt acu agus déanfaidh siad scrúdú dlí-eolaíochta ar aon ní ábhartha a aimseoidh siad.

Meastar go mbeidh siad ann go ceann cúpla lá.

Deir na Gardaí go bhfuil siad i dteagmháil le teaghlaigh na beirte ban.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ