Tá foláirimh aimsire éisithe ag Met Éireann do bháisteach, gaoth, sneachta agus teocht íseal sna laethanta atá romhainn.
Tá foláireamh aimsire buí éisithe do Chúige Laighean ar fad chomh maith le contaetha an Chabháin, Mhuineacháin, Chorcaí, Thiobraid Árann agus Phort Láirge. Beidh an rabhadh sin i bhfeidhm ó 11pm anocht go dtí 11pm amárach.
Deir Met Éireann go dtitfidh báisteach ar thalamh atá báite cheana féin agus go mbeidh baol tuilte ann mar gheall ar leibhéalacha uisce in aibhneacha a bheith ard cheana féin.
Beidh cúrsaí tiomána contúirteach chomh maith.
Beidh stádas buí gaoithe i bhfeidhm do chontaetha Bhaile Átha Cliath, Lú, na Mí, Loch Garman agus Chill Mhantáin ón a haon déag a chlog anocht go dtí a haon a chlog amárach.
Deir Met Éireann go bhféadfadh fuarlaigh a bheith ar na bóithre mar gheall ar ghustaí gaoithe láidre agus lán mara, go bhféadfadh sé go leagfar crainn agus go mbeidh coinníollacha tiomána dainséarach.
Tá foláireamh aimsire buí báistí agus sneachta éisithe do chontaetha Dhún na nGall, Liatroma, agus Shligigh óna 2am amárach go dtí 2pm.
Ag réadlann Dhairbhre i gContae Chiarraí, tá taifead déanta ar 46 lá báistí as a chéile i mbliana.


