Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

4 mhí príosúin d'fhear a bhagair an Tánaiste Simon Harris a mharú

17 FEBRUARY 2026, 20:55

4 mhí príosúin gearrtha ar Phatrick Grealish a bhagair an Tánaiste Simon Harris a mharú
X Facebook

I gcúirt dúiche Dhoire an Fhéich i gContae na Gaillimhe inniu, gearradh téarma ceithre mhí i bpríosún ar fhear 48 bliain d'aois as Leitir Mealláin i gCo na Gaillimhe a rinne bagairt ar líne ar an Tánaiste go maródh sé nó go ndéanfadh sé díobháil mhór dó féin is dá chlann.

Phléadáil Patrick Grealish as eastát Gharraí an Choirce, Leitir Mealláin i gCo na Gaillimhe ciontach i mí Dheireadh Fómhair anuraidh as bagairtí a dhéanamh ar cheannaire Fhine Gael Simon Harris agus a theaghlach tríd theachtaireacht ar na meáin shóisialta i mí Lúnasa 2024.

Nuacht RTÉ/TG4- Patrick Grealish

Gabhadh Patrick Grealish i mí Lúnasa 2024 agus cúisíodh é as bagairt a dhéanamh ar líne go maródh sé nó go ndéanfadh sé dochar mór don Tánaiste Simon Harris agus a theaghlach, agus é i gceist aige go gcreidfeadh Simon Harris go raibh Patrick Grealish dairíre faoina bhagairt.

Simon Harris speaking in the Dáil
An Tánaiste Simon Harris

I gCúirt Dúiche Dhoire an Fhéich, i gCasla i gCo na Gaillimhe ar maidin, dúirt an Bleachtaire Eamon O’Neill leis an Bhreitheamh Fiona Lydon gur ciontaíodh Patrick Grealish as 70 cion roimhe seo. Bhain 24 dóibh sin le cionta bóthair agus bhain an chuid eile 46 le cionta gadaíochta.

Cuireadh ráiteas faoin tionchar a bhí ag bagairt Phatrick Grealish ar an Tánaiste agus a theaghlach i láthair na Cúirte. Dúirt Simon Harris gur mhian leis go dtuigfeadh Patrick Grealish go bhfágann bagairtí droch bhail ar dhaoine, go ngortaíonn siad iad agus go gcothaíonn siad imní uafásach iontu.

Nuacht RTÉ/TG4- Patrick Grealish

"Samhlaigh, a dúirt Simon Harris teachtaireacht a fháil ar an meáin shóisialta ar a 10 a chlog san oíche, ó dhuine a bhfuil a fhíor- ainm ceilte aige, ag rá gur mhaith leis dochar a dhéanamh do do bhean chéile agus do do pháistí. An smaoiníonn tú ar an bhail a fhágfaidh an teachtaireacht sin ar an té a gheobhaidh í? An é go bhfuil súil agat go spreagfaidh an teachtaireacht sin daoine eile le gníomhú ar do bhagairtse?"

Léirigh tuairisc ón tseirbhís Promhaidh gur beag contúirt go ndéanfadh Patrick Grealish athchiontú taobh istigh de 12 mhí dhéag. Dúradh sa tuairisc go raibh sé luaineach ó thaobh a chuid mothúcháin de nuair a rinne sé an bhagairt ar Simon Harris agus gur mhéadaigh an deoch mheisciúil a bhí ólta aige an méid sin. Bhásaigh beirt dhlúthchara teaghlaigh dá chuid díreach roimhe sin. Dúirt sé leis na Gardaí nach raibh sé i gceist aige gníomhú ar na bagairtí agus scríobh sé litir ó shin inár léirigh sé a aiféala.

Simon Harris speaking in the Dáil on the 18th of September
An Tánaiste Simon Harris

Dúradh leis an chúirt go ndearna sé cúrsaí éagsúla leis an tSeirbhís Promhaidh chomh maith le cúrsa 8 seachtainí comhairleoireachta lena chuid mothúcháin a rialú. Ní ólann sé deoch mheisciúil níos mó, agus dúradh leis an chúirt go bhfuil sé ag cloí leis an treoir a thugtar dó maidir lena chuid cógaisí leighis. Tá fadhbanna croí, imní agus dúlagair aige a dúradh, agus tá sé ina chúramóir lánaimseartha ag a mháthair a bhfuil néaltrú uirthi.

Dúirt an Breitheamh Fiona Lydon go bhfuil bagairtí ar pholaiteoirí ag éirí níos coitianta agus go mbíonn tionchar "léanmhar" mar a thug sí air, ag na bagairtí sin ar an té ar a mbíonn siad dírithe. Dúirt sí gur coir thromchúiseach a bhí sa méid a bhí déanta ag Patrick Grealish agus go gcaithfí téarma príosúin a ghearradh air.

Ghearr sí téarma 8 mí i bpríosún air ach i bhfianaise gur phléadáil sé ciontach go luath, chuir sí an dara leath de (ceithre mhí) ar fionraí, ar an acht go bhfanfadh sé glan ar dheoch mheisciúil agus go leanfadh sé ar aghaidh ag cloí le comhairle a dhochtúra.

Rinne a dhlíodóir Michael Cunningham achomharc láithreach ar ghéire an téarma príosúin.