Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Na meáin shóisialta agus daoine óga: srianta le tabhairt isteach

18 FEBRUARY 2026, 13:52

Sábháilteacht daoine óga ar líne is bun leis na dlíthe nua, a deir an Rialtas (Stoc-íomhá)
X Facebook

Tá an Rialtas le deimhniú inniu go dtabharfar isteach reachtaíocht nua a chuirfeas srian leis an bhfáil atá ag daoine óga ar na meáin shóisialta.

Sábháilteacht ar líne a dhaingniú is bun leis na dlíthe nua, a deir an Rialtas, agus is ar dhaoine óga faoi shé bliana déag go háirithe atá siad dírithe.

Ar an gcéad dul síos, tabharfar isteach scéim phíolótach lena bhfuil beartaithe a phromhadh agus déanfar leasuithe de réir na dtorthaí.

I bhfianaise an dul chun cinn as cuimse i gcúrsaí teicneolaíochta, Intleacht Shaorga go háirithe, ní greanta i gcloch a bheas na dlíthe nua agus déanfar athbhreithniú go rialta orthu le cos a choinneáil le hathruithe ábhartha.

Bhí an scéal i mbéal an phobail le gairid nuair a tháinig sé chun solais go raibh daoine ag baint feidhm as aip Intleachta Saorga leis an meán sóisialta X chun íomhánna graosta a chruthú de dhaoine.

In ainneoin a bhfuil beartaithe ag an Rialtas, áfach, tá sé ráite ag eagraíocht cearta digiteacha nach leor na srianta atáthar a mholadh.

Dar leis an eagraíocht Cearta Digiteacha Éireann nach féidir fadhb chasta na meán sóisialta a fhuascailt le réiteach simplíoch mar é.

Mhaígh cathaoirleach na heagraíochta TJ McIntyre gur ag seachaint na faidhbe atá an Rialtas i ndáiríre i leaba dul i gceann cúraim níos dúshlánaí agus an earnáil meán sóisialta go ginearálta a rialáil go héifeachtach.

Dúirt sé nach raibh an reachtaíocht nua bunaithe ar fhianaise, nach ndeachaigh an Rialtas i gcomhairle le dóthain daoine sular dréachtaíodh é agus nach raibh an cheist fiosraithe, fiú, ag an Oireachtas.

Dá bharr sin ar fad, arsa TJ McIntyre, tá imní air gur beart gan dealramh gan toradh a bheas sa reachtaíocht nua.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ