Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Andrew Mountbatten-Windsor scaoilte saor ag póilíní Shasana

19 FEBRUARY 2026, 20:04

Andrew Mountbatten-Windsor á thabhairt amach as stáisiún póilíní Aylsham tráthnóna
X Facebook

Tá an t-iarphrionsa sa Bhreatain Andrew Mountbatten-Windsor scaoilte saor ag na póilíní thall tar éis dó a bheith faoi choinneáil acu ar feadh thart ar aon uair an chloig déag.

Gabhadh Mountbatten-Windsor ar maidin inniu faoi mhí-iompar in oifig phoiblí.

Is iad póilíní Thames Valley a ghabh é ina theach cónaithe ar Eastát Sandringham in Norfolk in oirthear Shasana ag thart ar 8 a chlog ar maidin agus scaoil siad saor é go gairid tar éis 7 a chlog tráthnóna.

Is i stáisiún póilíní in Aylsham tuairim is 60 ciliméadar soir ó Sandringham a bhí Mountbatten-Windsor faoi choinneáil.

Ní dúirt na póilíní i ndiaidh dóibh é a scaoileadh saor ach go raibh líomhaintí ina leith fós á bhfiosrú acu.

Chuardaigh na póilíní freisin roinnt áitreabh leis an iarphrionsa, an áit a mbíodh cónaí air in Windsor ina measc.

Baineann an scéal lena bhfuil i ríomhphoist a líomhnaítear a sheol Mountbatten-Windsor agus an ciontóir gnéis Jeffrey Epstein chuig a chéile – i gceann cáipéisí eile – agus ar foilsíodh go leor acu le gairid.

Police officers stand guard near the entrance to Wood Farm, the home of Andrew Mountbatten-Windsor in Sandringham
Póilíní ar dualgas taobh amuigh d'áit chónaithe Andrew Mountbatten-Windsor in Norfolk

Bhí Mountbatten-Windsor ina ionadaí speisialta trádála agus infheistíochta ag Rialtas na Breataine idir 2001 agus 2011 agus líomhnaítear gur thug sé eolas a bhí faoi rún do Jeffrey Epstein – ar infheisteoir proifisiúnta é – i gcaitheamh an achair sin.

Chomh maith leis an líomhain úd, tá sé tugtha le fios cheana ag póilíní Thames Valley go bhfuil siad ag breathnú ar líomhain gur sheol Epstein bean óg go Sasana le mianta collaí an iarphrionsa a shásamh.

Tá an t-iarphrionsa 66 bliain d'aois agus is é a bhreithlá inniu é.

I ráiteas, dúirt Rí Séarlas na Breataine, deartháir is sine an iarphrionsa, gur díol mór imní an scéala.

Dúirt sé gur cheart d'fhiosrúchán na bpóilíní a bheith cuimsitheach, cothrom agus cuí, agus thug le fios go dtacódh agus go gcomhoibreodh an teaghlach ríoga leis na húdaráis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ