Smál ar an sacar in Éirinn a bheadh ann dá n-imreodh foireann náisiúnta na bhfear in aghaidh Iosrael i Sraith na Náisiún níos deireanaí i mbliana, dar leis an Teachta Dála Ruth Coppinger ó Dhluthpháirtíocht-Pobal Roimh Bhrabús.
Tá Éire agus Iosrael sa ghrúpa céanna i Sraith na Náisiún agus tá siad le himirt in aghaidh a chéile faoi dhó ar an 27 Meán Fómhair agus ar an 4 Deireadh Fómhair.
Ag labhairt di i nDáil Éireann, d'iarr Ruth Coppinger ar an bpobal baghcat a dhéanamh ar na cluichí.
Dúirt sí go bhféadfadh lucht leanúna spóirt i dtíortha eile sampla na tíre seo a leanúint ina dhiaidh sin agus baghcat dá gcuid féin a dhéanamh ar Iosrael.
In ainneoin a ndúirt an Teachta Coppinger, tá sé ráite cheana ag Cumann Peile na hÉireann (FAI) go bhfuil rún acu, óna dtaobh siúd de, dul chun cinn leis an dá chluiche.
Níor aontaigh an Tánaiste Simon Harris le Ruth Coppinger agus dúirt sé go bhféadfadh an sacar in Éirinn a bheith thíos leis go mór mura n-imreofaí na cluichí in aghaidh Iosrael.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


