Meastar go bhfuil trí chomhlacht ilnáisiúnta ag íoc 46% den cháin chorparáideach ar fad a bhailíonn an Stát gach bliain.
Is i mblagphostáil nua a foilsíodh ar shuíomh gréasáin Chomhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann atá an t-eolas seo ar fáil.
Eagraíocht reachtúil neamhspleách is ea Comhairle Chomhairleach Bhuiséadach na hÉireann a dhéanann measúnú ar réamhaisnéis eacnamaíochta an Rialtais agus ar dhearcadh an Rialtais ar chúrsaí airgeadais.
Cé nach n-ainmnítear na trí chomhlacht sa bhlag, tuigtear gurb iad Apple, Microsoft agus Eli Lilly atá i gceist.
Ceaptar gur íoc na trí chomhlacht sin thart ar €13 billiún i gcáin chorparáideach leis an Stát in 2024 agus gurb iad Apple agus Microsoft, thar Eli Lilly, a d'íoc a bunáite sin – os cionn €11 biliiún.
Is é an t-eacnamaí Brian Cronin a scríobh an blag agus dúirt sé cé go bhfuil rath ar na comhlachtaí sin i láthair na huaire go bhfuil 'neamhchinnteacht shuntasach' ag baint leis na brabúis a dhéanfaidh siad ó bhliain go bliain san am le teacht.
Ar a shon sin, creidtear go méadóidh brabúis Apple agus Microsoft sa ghearraimsir, go háirithe agus an réimse Intleachta Saorga ag fás as miosúr.
Is é an dála céanna ag Eli Lilly é, agus an-éileamh faoi láthair ar na cógais diaibéitis agus otrachta a dhéanann siad.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


