Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

14 eitilt go agus as Meiriceá curtha ar ceal ag stoirm

23 FEBRUARY 2026, 11:48

Central Park faoi bhrat sneachta
X Facebook

Tá 14 eitilt san iomlán a bhí ceaptha a ghabháil go nó a theacht as Meiriceá go hÉirinn inniu curtha ar ceal de bharr stoirme ar chósta thoir na Stát Aontaithe.

Tá sé fógartha ag Aerfort Átha Cliath go bhfuil 7 n-eitilt anall agus 6 eitilt anonn curtha ar ceal de bharr na drochaimsire.

Aerfoirt i Nua-Eabhrac, New Jersey agus Bostún atá buailte ag Stoirm Hernando.

Cuireadh ar ceal chomh maith eitilt amháin san iarnóin as Bostún go hAerfort na Sionainne.

NEW YORK, NEW YORK - FEBRUARY 22: People walk in the snow in Times Square on February 22, 2026 in New York, New York. The northeast U.S. is bracing for an intense nor'easter with blizzard conditions, heavy snow, and strong winds. (Photo by Noam Galai/Getty Images)
Times Square

Tá an Méara ar Nua-Eabhrac Zohran Mamdani tar éis staid éigeandála a fhógairt agus ordú tugtha aige do gach feithicil cé is moite d'fheithiclí riachtanacha fanacht de na bóithre go dtí tar éis meánlae am na h-áite.

Tá criúnna éigeandála agus céachtaí sneachta ar dulagas ar fud na cathrach agus sneachta ag titim go tréan.

Tá foláireamh síobadh sneachta fógartha sa gcathair an chéad uair ó 2017.

Tá scoileanna i Nua-Eabhrac agus cuid mhaith de réigiún New England dúnta de bharr Stoirm Hernando agus gálaí gaoithe chomh maith le sneachta mór geallta.

' />