Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Socrú tráchtála an AE le SÁM ar atráth tar éis ordú Cúirte

23 FEBRUARY 2026, 13:18

Coimisiún na hEorpa ag iarraidh
X Facebook

Tá lucht ceannais an Aontais Eorpaigh ag rá go gcurfar ar atráth an socrú tráchtála a bhí déanta ag an AE le Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis ordú an tseachtain seo caite ón gCúirt Uachtarach i Washington a chur taraifí an Uachtaráin Trump ar neamhní.

Creidtear go ndeimhneofar fós anocht i bParlaimint na hEorpa go gcurfar ar atráth an socrú a déanadh anuraidh, fiú agus Coiste Tráchtála na Parlaiminte ar tí an conradh a haontaíodh in Albain an samhradh seo caite a dhearbhú go foirmeálta.

Deir polaiteoirí ó ghrúpaí éagsúla sa bParlaimint gur fearr an socrú a chur ar fionraí go mbeidh níos mó soiléireachta faoi thiúnchar chinneadh na cúirte ar an AE.

Tá Olof Gill, urlabhraí an Choimisinéara Tráchtála agus Slándála, tar éis a rá go mbeidh "breith stuama" le tabhairt ag an AE "ar na hathruithe a bheidh i gceist chomh luath is a bheidh fios go beacht céard atá i gceist ag Rialtas Mheiriceá a dhéanamh".

Ó rialaigh an Chúirt Uachtarach Dé hAoine seo caite gur sárú ar an mbunreacht thall a bhí san réimeas taraifí atá ar bun ag Trump ó toghadh an athuair é - réimeas a bhí bunaithe ar dhlí a bhaineann le "géarchéim eacnamúil" sa tír - tá an tUachtarán tar éis "Taraif sealadach 10%" a fheidhmiú agus tá fiosrúcháin ordaithe aige - fiosrúcháin bunaithe ar dhlíthe eile - le súil córas cuimsitheach taraifí go domhanda a chur sa tsiúl arís.