Tá fianaise tugtha i gcúirt i mBéal Feirste go raibh pleanáil i gceist le marú Natalie McNally ar an Lorgain i gCo Ard Mhacha i 2022 agus go raibh cur i gcéill ar bun ag an bhfear atá cúisithe ina ndúnmharú tar éis a báis chun an choir a cheilt.
36 atá Stephen McCullagh a shéanann an dúnmharú, an tseachtain roimh an Nollaig 2022.
Bhí muintir Natalie McNally agus cáirde léi sa gcúirt inniu agus tús á chur leis an triail.
Éistíodh fianaise gur sáthadh í agus gur bhain iliomad gortú eile tromchúiseach di.
32 a bhí sí agus bhí sí ag iompair linbh.
Tugadh fianaise go mbé Stephen McCullough athair an linbh sin agus go raibh sé féin agus Natalie McNally ag siúl amach le chéile.
Deir seisean gur tháinig sé ar chorp na mná ina teach ar an Lorgain agus chuala an chúirt an glaoch 999 a rinne sé agus é ag béicíl agus ag caoineadh ar an nguthán.
Deir an t-ionchúiseamh gur cur i gcéill a bhí sa ngníomh sin.
Deir siadsan go raibh ailibí cumta ag Stephen McCullough - go raibh sé ag sruthú beo ar-líne ar feadh 6 huair a chloig ag an am ar dúnmharaíodh Natalie McNally ach go bhfuil sé léirithe ó shin go raibh an físeán réamhthaifeadtha roinnt laethanta roimhe sin agus gur craoladh ar a chainéal YouTube é oíche an mharú, an 18ú mí na Nollag 2022.
Deir an t-ionchúiseamh gur thaisteal Stephen McCullough as Lios na gCearrbhach go dtí an Lorgain sa tréimhse ama sin leis an mbean a mharú.
Deir siad go raibh réamh-ullmhúchán agus pleanáil i gceist agus gur bréaga ar fad atá ar bun ag Stephen McCullough.
Meastar go mairfidh an cás 5 seachtainí os comhair ghiúiré seisear ban agus seisear fear.
Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Áine Ní Ghallchóir ar Nuacht TG4 ag 1900


