Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ceithre bliana cothrom an lae inniu a ionsaíodh an Úcráin

24 FEBRUARY 2026, 13:04

I mbearna an bhaoil i gcathair Kostyantynivka, Oblast Donetsk, in oirthear na hÚcráine, 13 Feabhra 2026
X Facebook

Ceithre bliana go ham seo a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin le dúil rialtas na tíre sin a threascairt agus rialtas soip a chur ina áit.

Níor éirigh leis na Rúisigh dul níos faide ná oirthear na hÚcráine, más ea, agus daingniú a dhéanamh ar thailte a bhí ina seilbh cheana ag cúláistíní leo sa taobh sin tíre.

Thart ar an gcúigiú cuid den Úcráin atá faoina smacht ag na Rúisigh ach a bhfuil ann de dhul chun cinn atá siad a dhéanamh, is go mall neamhéasca é – tairbhe nach fiú an trioblóid go minic agus gan d'éadáil acu ar deireadh ach an sráidbhaile fánach.

Is le cabhair ollmhór ó thíortha an Iarthair atá fórsaí na hÚcráine ag seasamh an fhóid ó 2022 ach, os a choinne sin, tá cos curtha i bhfeac chomh maith céanna ag forsaí na Rúise.

Sin an cogadh talún ach is scéal eile ar fad é an cogadh atá na Rúisigh a chur ar an Úcráin ón aer.

Tá cathracha agus bailte móra ar fud na hÚcráine á dtuairgneáil go seasta ag diúracáin agus ag dróin, agus é mar aidhm ag na Rúisigh bonneagar na tíre a chur ó mhaith, go háirithe an bonneagar fuinnimh.

Tá an aidhm sin á bhaint amach cuid mhór ag na Rúisigh agus tá na milliúin Úcránach fágtha gan cumhacht leictreachais go rialta agus préachta leis an bhfuacht dá bharr.

De réir na Náisiún Aontaithe, maraíodh tuairim is 15,000 sibhialtach Úcránach le ceithre bliana, gan trácht ar na mílte míle saighdiúir ón dá thaobh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ