Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Leithscéal gafa ag an Rialtas le lucht scoileanna saothair

25 FEBRUARY 2026, 17:08

Leithscéal foirmiúil gafa ag an Taoiseach Micheál Martin i nDáil Éireann inniu
X Facebook

Tá leithscéal foirmiúil gafa ag an Rialtas le daoine ar tugadh drochíde dóibh i scoileanna saothair sa Stát san am a caitheadh agus le daoine a cuireadh ar coinneáil ó na scoileanna sin.

I nDáil Éireann, dúirt an Taoiseach Micheál Martin go mba choscrach léanmhar an saol a bhí ag na daoine sin agus gan iad ach ina leanaí.

Ina cheann sin, arsa sé, bhí sé éigeart agus níor cheart dó tarlú a chéaduair.

Dúirt an Taoiseach gur leithscéal gan aon éideimhne a bhí sé a ghabháil leis na fulangaithe thar ceann an Rialtais, an Stáit agus shaoránaigh uile na hÉireann.

Ag trácht dó ar na tacaíochtaí breise atá an Rialtas le cur ar fáil do na fulangaithe, thug an Taoiseach le fios go raibh súil aige go gcuideodh na tacaíochtaí sin leo téarnamh de réir a chéile ón íospairt a rinneadh orthu.

Níos deireanaí tráthnóna, beidh cruinniú ag ionadaithe ó Chumann Tailidimíde na hÉireann leis an Taoiseach agus an Tánaiste Simon Harris chun an leithscéal foirmiúil ón Stát atá siad féin a éileamh a phlé.

Thart ar 40 duine atá i gceist, chomh maith le deascán máithreacha atá sna nóchaidí anois.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ