Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Níos lú ná 1% d'earcaigh ina gcainteoirí Gaeilge in 2025

25 FEBRUARY 2026, 14:22

Is cainteoirí Gaeilge iad níos lú ná 1% de na daoine a earcaíodh chuig an tseirbhís phoiblí anuraidh fríd PoistPhoiblí
X Facebook

Le Méabh Ní Thuathaláin

Is cainteoirí Gaeilge iad níos lú ná 1% de na daoine a earcaíodh chuig an tseirbhís phoiblí anuraidh fríd PoistPhoiblí, an príomhsholáthraí earcaíochta don státchóras.

De réir figiúirí atá faighte ag 7Lá faoin Acht Um Shaoráil Fáisnéise, poist le Gaeilge iad 55 den 8,301 post a fógraíodh anuraidh, sin 0.7%.

Post amháin le riachtannas Gaeilge a fograíodh anuraidh ar an ghrád is sinsearaí, Príomhoifigeach a ceapadh i Roinn na Gaeltachta.

Tá cúig bliana caite ó leagadh síos an sprioc sa reachtaíocht go mbeadh 20% d'earcaigh sa tseirbhís phoiblí a bheidh ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030 agus tá amhras léirithe go mbainfí an sprioc amach.

Ag labhairt dó ar an chlár 7Lá aréir, dúirt Aodhán Mac Cormaic, Ceannasaí Roinn na Gaeltachta go bhfuil sé "dóchasach" go mbainfear an sprioc earcaíochta amach.

"Tá go leor ama caite le haghaidh na strúchtúr a leagan síos agus is obair í nach bhféachann an pobal ach feicfidh siad na torthaí don obair sin. Mura leagtar síos na bunstrúchúr le haghaidh togra mór millteach mar seo ní bhainfear amach go deo é.

"Is ar sin a bhí an fócas le cúig bliana anuas, na bunstrúchúir sin a chur ar bun agus sa chéad chúig bliana eile beidh muid ag úsáid na strúchtúr sin chun an sprioc earcaíochta a bhaint amach," a dúirt sé.

Is faoin Choiste Chomhairleach Um Sheirbhís Gaeilge atá sé an Plean Náisiúnta Earcaíochta a chur i bhfeidhm, plean atá dírithe ar an 20% d’earcaigh sa tseirbhís phoiblí a bheidh ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030.

Meastar bearna mór i bPlean Náisiúnta Earcaíochta an rialtais a laghad cúrsaí Gaeilge atá ar fáil ag an tríú leibheál.

Deir Roinn na Gaeltachta nach n-aontaíonn siad "in aon chor" leis an dearcadh go dteastaíonn tuilleadh cúrsaí ollscoile i nGaeilge a bhunú chun an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach.

"Tá narrative amuigh ansin go dteastaíonn léir mór cúrsaí i nGaeilge chun an sprioc 20% a bhaint amach. An rud a theastaíonn anseo chun an sprioc 20% a bhaint amach na an Ghaeilge ná an Ghaeilge a chur ar fáil do dhaoine atá ag tabhairt faoi chúrsaí trí mheán an Bhéarla. Sin an áit a bhfuil tromlach na ndaoine agus sin an áit a mbeidh tromlach na ndaoine".

Faoin chóras atá á mholadh ag an Roinn, dúirt Mac Cormaic go mbeadh "creidiúintí" á mbronnadh ar mhic léinn as cúrsaí TEG a dhéanamh agus Teastas na hEorpa a bhaint amach.

"S’éard a theastaíonn uainne ná modúil a chur ar fáil go mbeadh siad in ann tabhairt faoina gcúrsaí atá acu agus ag an am céanna go mbeadh siad in ann a bheith ag coinneáil i dteagmháil leis an teanga agus ag foghlaim na teanga agus ag forbairt a gcuid inniúlachtaí sa teanga agus ag deireadh an lae teastas Eorpach na Gaeilge a bheith acu ionas go mbeadh i gceann cúig bliana .

"Bheadh tromlach na ndaoine sin fánta i dteagmháil leis an teanga ach bheadh siad cáillithe mar altraí, mar dhoctúirí nó cibé caillíócht a bheadh acu ach go mbeadh Teastas Eorpach na Gaeilge Gaeilge acu ionas go mbeadh siad in ann freastal ar phobal na Gaeilge. Sin an áit a bhféachann muid an rud seo ag dul," a dúirt Mac Cormaic.

Beidh tuairim na Roinne á cur faoi bhráid fhochoiste nua atá bunaithe faoin Choiste Chomhairleach Um Sheirbhísí Gaeilge a bheidh ag díriú ar a bplean don tríú leibheál.

Tá an fochoiste don tríú leibheál faoi comhchathaoirleacht Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Ard-Oideachais, a bhfuil ionnadaithe aige an tÚdarás Um Ard-Oideachas.

Tá ráite ag an Údarás Um Ardoideachas cheana go bhfuil gá le "cur chuige raidiceach" le go mbeadh go leor cainteoirí Gaeilge ann le dul ag obair sa tseirbhísí phoiblí.

Tá breis agus 400,000 duine ag obair sa státchóras agus bíonn tuairim is 13,000 earcach á bhfostú gach bliain.

Deir an Coimisinéir Teanga gur chóir go mbeadh aonad comhordúcháin agus straitéiseach ag feidhmiú chun "tacú" leis an Choiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge "maoirseacht a dhéanamh ar earcú foirne atá inniúil i nGaeilge ar bhonn córasach trasna na seirbhíse poiblí".

Dúirt an Coimisinéir chomh maith go gcaithfí "ról lárnach" a bheith ag Poistphoiblí agus ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchoiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiucháin (DPER) i gcur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Earcaíochta "le go mbeidh toradh air".