Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear cúisithe i ndúnmharú Michael Gaine i gCiarraí

25 FEBRUARY 2026, 18:23

Cuireadh Michael Kelley siar faoi choinneáil go ceann seachtaine
X Facebook

Tugadh fear 54 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Thrá Lí i gCo Chiarraí tráthnóna inniu agus é cúisithe san fheirmeoir Michael Gaine a dhúnmharú i ndeisceart an chontae sin anuraidh.

Sin é Michael Kelley, as Maine sna Stáit Aontaithe ó dhúchas, iarshaighdiúir in arm na tíre sin, a bhfuil cónaí air i dTrá Lí.

Fuarthas páirteanna de chorp Michael Gaine ar a fheirm sa Charraig Thoir ó thuaidh de Neidín i mí na Bealtaine anuraidh, dhá mhí ó chonacthas go deireanach é.

Michael Gaine

56 bliain d'aois a bhí Michael Gaine agus bhí aithne mhaith air i gcomharsanacht Neidín.

Dúirt Garda sa chúirt tráthnóna nach ndúirt Michael Kelley aon ní nuair a cúisíodh é sa dúnmharú.

Ní dhearnadh aon iarratas ar bhannaí agus cuireadh Michael Kelley siar faoi choinneáil.

Tabharfar é os comhair na cúirte arís seachtain ó inniu, tráth a sheirbheálfar leabhar fianaise.

Bhí baintreach Michael Gaine, Janice, sa chúirt le linn na héisteachta.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ