Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

An Post le 300 seachadóir poist breise a fhostú

25 FEBRUARY 2026, 16:30

'Foireann bhreise de dhíth agus fás as miosúr tagtha ar sheachadadh beartán'
X Facebook

Tá An Post le 300 seachadóir poist breise a fhostú ar fud na tíre le freastal ar an éileamh mór atá ar sheirbhís seachadta beartán an chomhlachta agus fás as miosúr tagtha ar ríomhthráchtáil.

Bhí méadú de 27% ar an líon beartán a sheachaid An Post anuraidh i gcomparáid le 2024 agus mar sholaoid ar an éileamh thug an comhlacht le fios gur seachadadh tuairim is trí mhilliún beartán gach seachtain sna seachtainí roimh an Nollaig.

Cheana féin i mbliana, tá méadú de 50% ar an líon beartán a seachadadh le hais an dá mhí chéanna anuraidh.

Tá ionad nua próiseála beartán oscailte ag an gcomhlacht i mBaile an tSíbhrigh in iarthar Bhaile Átha Cliath le freastal ar an ráchairt mhór.

Tá sé i gceist an t-ionad a uathoibriú go luath.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ