Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

'Dúshlán' soláthair roimh EirGrid idir 2026 agus 2028

26 FEBRUARY 2026, 13:56

X Facebook

Deir EirGrid go bhféadfadh dúshláin bheith roimh an gcomhlacht an t-éileamh ar leictreachas idir 2026 agus 2028 a shásamh.

Tiocfaidh ardú géar ar an éileamh idir sin agus 2030 agus súil ansin go mbeidh an t-ardú níos seasmhaí idir 2030 agus 2035 a deir an foras Stáit a bhfuil cúram an ghréasáín náisiúnta leictreachais air.

Ionad sonraí, tuilleadh fheithiclí ag rith ar leicreachas, agus tithe ag iompú ar chaidéil teasa a úsáideann leictreachas le teas a shú as an aer.

Deir EirGrid freisin go bhfuil moill san acmhainn ginte leictreachais freisin agus go bhfuil ionad ginte Ghob na Mine i gCo. an Chláir agus a leithéidí ar fáil mar chúltaca éigeandála chun an soláthar agus slándáil an tsoláthair a dheimhniú.

Measann EirGrid go mbeidh idir 200 agus 400 meigeavata sa bhreis ag teastáil ó 2030 i leith leis an éileamh a shásamh. Deir an comhlacht go bhfuil sciar an éileamh ó na hionaid sonraí ag dul i méíd. Thart ar 20% den éileamh atá anois ann, ach tá súil go mbeidh sé sin thart ar 30% sna 2030aí.

Ach san achar céanna, deir EirGrid go mbeidh foinsí an leictreachais ag athrú freisin agus an Stát ag dul i dtreo chóras cumhachta a bheidh inathnuaite den chuid is mó.

Mar sin, deir EirGrid go mbeidh ar an tionscal leictreachais bealaí nua a aithint leis an éileamh a shásamh, go mbeidh polasaí Rialtais ina threoir, ach go mbeidh feachtas comhordaithe ag teastáil leis an éileamh agus an soláthar a bhainistiú.