Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Fear cúisithe i dturasóir ó Shasana a dhúnmharú

27 FEBRUARY 2026, 15:13

Fuair Anthony Herron bás san ospidéal i Sasana mí Dheireadh Fómhair anuraidh
X Facebook

Tugadh fear 22 bliain d'aois os comhair Chúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath inniu agus é cúisithe i dturasóir ó Shasana a dhúnmharú i mBarra an Teampaill sa chathair anuraidh.

Sin é Darragh O'Brien, as Arda Ghort na Feá, Cluain Aodha, Baile Átha Cliath 15, a bhfuil sé curtha ina leith gur dhúnmharaigh sé Anthony Herron a bhí ar cuairt ar Éirinn as Londain.

Ionsaíodh Anthony Herron ar an 21 Lúnasa 2025 agus fuair sé bás san ospidéal i Sasana dhá mhí ina dhiaidh sin.

Bhí Darragh O'Brien cúisithe roimhe seo in ionsaí a dhéanamh ar Anthony Herron agus i ndíobháil a dhéanamh dó.

Sna daichidí a bhí Anthony Herron.

Bhí páiste amháin aige agus bhí a pháirtí ag súil le páiste eile nuair a ionsaíodh é.

Cuireadh Darragh O'Brien siar faoi choinneáil agus tabharfar é os comhair Chúirt Dúiche Chnoc na Seamar Déardaoin so chugainn.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ