Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Bean ar cailleadh a leanbh sa bhroinn ag moladh an dlí a athrú

27 FEBRUARY 2026, 18:43

Saoirse Aylward agus a páirtí Nathan Fergeson ag Teach Cúirte Loch Garman
X Facebook

I gCúirt Chuarda Loch Garman, gearradh sé mhí príosúin ar fhear de bhunadh na hÚcráine as tiomáint chontúirteach arbh é mórdhíobháil choirp a iarmhairt.

Phléadáil Yurii Dudek, atá 31 bliain d'aois, ciontach sa chúis.

Dúradh sa chúirt gurbh é faoi deara timpiste bóthair inar gortaíodh Saoirse Aylward, bean 33 bliain d'aois a bhí ag iompar clainne.

Tugadh Saoirse Aylward chun an ospidéil, áit ar chaill sí an leanbh, buachaillín darbh ainm Jax a bhí le teacht ar an saol faoi cheann míosa nó mar sin.

De réir dlí, áfach, ní aithnítear leanbh a chailltear sa bhroinn mar íospartach faoi leith i gcúiseanna coiriúla mar seo.

Dúirt Saoirse Aylward sa chúirt inniu gur ghoill an dlí mar atá sé faoi láthair, gur ghoill sé as miosúr uirthi.

Easnamh sa dlí is ea é, arsa sí, agus d'achainigh sí é a chur ina cheart agus an t-aitheantas cuí a thabhairt feasta don leanbh a chailltear sa bhroinn.

Yurii Dudek, with an address listed in Oblast, Ukraine, previously pleaded guilty to causing the three-vehicle collision
Yurii Dudek

Bhí trí fheithicil bainteach leis an timpiste bóthair a tharla i nDraighneach, idir baile Loch Garman agus Ros Láir, ar an 27 Eanáir 2024.

Bhí Yurii Dudek tagtha go hÉirinn faoi chomhair soláthairtí fóirithinte a bhí le tabhairt ar ais chun na hÚcráine aige.

D'iarr sé a phardún ar Shaoirse Aylward sa chúirt inniu, thug sí dó é agus mhaith a chion dó.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ