Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Stoirm Chandra: luach €59 milliún déanta do bhóithre

04 MARCH 2026, 13:18

Damáiste suntasach déanta do bhóithre áitiúla agus réigiúnacha ag Stoirm Chandra
X Facebook

Áirítear gur thart ar €59 milliún a chosnóidh sé le bóithre áitiúla agus réigiúnacha a dheisiú sna háiteanna is measa a buaileadh le linn Stoirm Chandra ag deireadh mhí Eanáir.

Idir an ghaoth mhór, an fhearthainn throm agus na tuilte a d'fhág sí ina diaidh, buaileadh go han-dona contaetha in oirthear agus oirdheisceart na tíre go háirithe, mar atá, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Cill Mhantáin, Laois, Loch Garman, Lú, Muineachán, agus Port Láirge.

Dar leis an Roinn Iompair go ndearnadh damáiste suntasach do bhreis agus 300 bóthar sna háiteanna sin ar dúnadh thart ar leathchéad acu dá bhíthin.

De réir na n-údarás áitiúil, más ea, is os cionn 500 bóthar a bhí i gceist.

Dealraíonn sé gur mheasa an scéal i Loch Garman thar aon áit eile – ó thaobh costais de ar a laghad – agus ceaptar go mbeidh €20 milliún ag teastáil le caoi a chur ar na bóithre ansin.

Dá dhonacht sin, tá sé bhóthar déag faoi uisce i gcónaí i gCo Mhuineacháin.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ