Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Long chogaidh leis an Iaráin pollta, curtha síos

04 MARCH 2026, 16:52

Mairnéalach as an Iaráin á thabhairt chun an ospidéil i Srí Lanca
X Facebook

Tá long chogaidh leis an Iaráin curtha go grinneall na mara ag fomhuireán leis na Meiriceánaigh in uiscí idirnáisiúnta amach ó chósta theas Shrí Lanca.

Bhí 180 mairnéalach ar an long agus tuairiscítear gur maraíodh a mbunáite nuair a scaoileadh toirpéad ón bhfomhuireán leis an soitheach.

Tarrtháladh cuid de na mairnéalaigh agus tá cóir leighis á chur orthu in ospidéil i Srí Lanca.

Dar leis na húdaráis sa tír sin, bhí an long ag filleadh ar an Iaráin tar éis di seal a chaitheamh i gcalafort in oirthear na hIndia.

US Defense Secretary Pete Hegseth speaks during a press briefing at the Pentagon
Pete Hegseth

Dúirt Rúnaí Cosanta na Stát Aontaithe Pete Hegseth go háthasach go mba é sin an chéad uair ón Dara Cogadh Domhanda a cuireadh síos long chogaidh leis an namhaid.

Ag gáire faoi iomard na nIaránach dó, mhaígh sé go mba é an bás a bhí i ndán do lucht an réimis san Iaráin agus go raibh fórsaí Mheiriceá agus fórsaí Iosrael fós ag tabhairt greadadh dóibh agus iad ar lár.

Mhaígh sé freisin go mbeadh aerspás uile na hIaráine faoina smacht ag na Meiriceánaigh agus na hIosraelaigh faoi cheann seachtaine.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ