Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Bille nua faoin síneadh fada curtha faoi bhráid na Dála

06 MARCH 2026, 08:45

Urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh
X Facebook

Tá bille nua curtha i láthair Dháil Éireann ag Sinn Féin a chinnteodh de réir dlí go gcuirfeadh gach comhlacht poiblí agus príobháideach síneadh fada na Gaeilge san áireamh in ainm agus i seoladh baile an tsaoránaigh – buncheart, a deir an páirtí sin atá ag gach duine.

Is é urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh a thug air féin an bille nua maidir leis síneadh fada a chur faoi bhráid na Dála tráthnóna, an chéad chéim sula n-achtófaí ina dhlí é.

Thug an Snodach le fios gurb é atá ag déanamh tinnis dó agus do neart daoine eile nach bhfuil sé i gcumas an Stáit a chinntiú – os cionn céad bliain tar éis a bhunaithe – go litreofaí go cruinn ceart agus go córasach ainm agus seoladh baile an tsaoránaigh i nGaeilge.

Cuir i gcás, más gá, is eol do chách nach ionann 'Seán agus Sean' ná 'Cáit agus Cait' agus mar sin siar, agus ní theastaíonn ón Snodach, a deir sé, ach go mbeadh meas ag an Stát ar Ghaeil, ar a n-ainmneacha agus ar ainmneacha a sinsir.

Moltar sa bhille dualgas a chur ar eagraíochtaí Stáit a rialálann comhlachtaí príobháideacha an deis a thabhairt do chustaiméirí a n-ainmneacha agus a seoltaí baile a thaifeadadh go cruinn, an síneadh fada san áireamh.

Mara gcomhlíonfadh na comhlachtaí sin an dualgas, ghearrfaí pionós orthu.

Ar a shon sin is uile, tá beagán den mhéar fhada ag baint le cúis an tsínidh fhada, arae ní chuirfí an bille i bhfeidhm go dtí an bhliain 2030. Is fada linn go bhfeicfidh muid é!

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ