Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Ionad déiríochta le dúnadh, éiginnteacht faoin 95 post

05 MARCH 2026, 18:58

Is le comharchumann Uachtarlanna Thuaisceart Chorcaí an t-ionad i gCeann Toirc
X Facebook

Tá sé fógartha ag comharchumann déiríochta i gCo Chorcaí go bhfuil deireadh curtha acu leis an obair i gceann dá ionaid agus go bhfuil 95 fostaí le ligean chun siúil ón áit.

Deir Uachtarlanna Thuaisceart Chorcaí go gcaithfear an t-ionad i gCeann Toirc a dhúnadh mar go bhfuil an ceadúnas sceite fuíolluisce a bhí acu curtha ar fionraí den dara huair le trí mhí ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.

Is cosúil gur tugadh an scéala don fhoireann oibre i gcruinniú inniu.

Dúirt ionadaí ón gceardchumann SIPTU, áfach, go bhfuil tuairiscí éagsúla ann faoina bhfuil i ndán don fhoireann agus thug le fios go mb'fhéidir go gcoinneofaí cuid acu.

Dúirt urlabhraí ó Chomhlachas Tráchtála Cheann Toirc gur tubaiste a bheadh ann dá ndúnfaí an t-ionad déiríochta agus go mbeadh gnóthais an bhaile thíos leis go mór.

Thug an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil fógra don chomharchumann an mhí seo caite nach raibh siad ag cloí leis na rialacha a bhaineann le fuíolluisce a sceitheadh in Abhainn Ealla agus go raibh sin ag déanamh dochair don chomhshaol.

Is le feirmeoirí sa réigiún an comharchumann a bunaíodh i 1928.

Tá uachtarlann eile i gCo Chorcaí chun próiseáil a dhéanamh ar chuid den bhainne a sholáthraíonn na feirmeoirí don ionad déiríochta i gCeann Toirc go dtí go ndéanfar soiléiriú ar an scéal.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ