Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cás dlí tionscnaithe i Londain in aghaidh Gerry Adams

09 MARCH 2026, 13:07

Gerry Adams ar maidin ag an ArdChúirt i Londain
X Facebook

Tá cás dlí tionscnaithe i Londain ag cur i leith iar-cheannaire Shinn Féin Gerry Adams go raibh sé san IRA.

Tá triúr a d'fhulaing de bharr bhuamaí éagsúla de chuid an IRA sa mBreatain ag lorg cúiteamh siombalach de phunt amháin Sterling (£1) ar an iar-Theachta Dála i gCo Lú agus iar-Fheirsire Parlaiminte i mBéal Feirste Thiar.

Is é an chéad uair é a hiarradh ar Chúirt breithiúnas a thabhairt faoi líomhain go raibh Gerry Adams san IRA, líomhain atá séanta le fada aige.

Tá sé féin sa gCúirt i Londain agus é chun fianaise a thabhairt an tseachtain seo chugainn.

Is iad an triúr atá tar éis an cás a thionscain John Clark, a gortaíodh i mbuamáil Chúirt an Old Bailey i Londain i 1973, Jonathan Ganesh a gortaíodh i mbuamáil Dhuganna Londain mí Feabhra 1996, agus Barry Laycock a gortaíodh i mbuamáil Ionad Siopaí Arndale i Manchain mí an Mheithimh 1996.

A photograph of barry laycock outside the high court in London
Barry Laycock

Sna cáipéisí atá curtha os comhair na hArdChúirte acu cuireann siad i leith Gerry Adams "go raibh freagracht dhíreach air agus go raibh sé comhpháirteach sa gcinneadh a déanadh" na buamaí a phléascadh.

Deir uiríolla dlí don triúr go bhfuil sé i gceist acu é sin a chruthú "le fianaise ó dhaoine a raibh aithne acu air agus ó dhaoine a raibh eolas acu faoi."

Duirt an t-abhcóide Anne Studd "nach bhfuil aon amhras ach gur chuir Gerry Adams leis an tsíocháin i dTuaisceart Éireann ach léiríonn an fhianaise gur chuir sé freisin leis an gcogadh."

Cúirt gan giúiré atá i gceist, cás sibhialta ní cás coiriúil, mar sin is "ar chothromaíocht na dóchúlachta" an caighdeán a bheidh á lorg ag an gcúirt agus ní gá é a chruthú "thar amhras réasúnach" mar a bheadh i gceist i gcás coiriúil.

Deir uiríolla dlí Gerry Adams nach leor an fhianaise le freagracht a léiriú agus deir siad gur chóir den chás teipeadh ar aon chuma leis an lear ama atá caite.

Cuireadh ballraíocht san IRA i leith Gerry Adams i 1978 ach tarraingíodh siar an chúis ceal fianaise.

Anuraidh bronnadh cúiteamh €100,000 ar an Uas Adams - atá 77 anois - as líomhain a bhí craolta ag BBC Thuaisceart Éireann gur ordaigh sé go gcuirfí chun báis iar-oifigeach de chuid Shinn Féin Denis Donaldson.

Caitheadh agus maraíodh Denis Donaldson sna Gleannta i gCo Dhún na nGall i 2006, achar gearr tar éis é a bheith faighte amach go raibh sé ag feidhmiú ina bhrathadóir ag MI5 agus ag na póilíní le 20 bliain.