Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

€300,000 fágtha ag tiománaithe ag bothanna dola anuraidh

09 MARCH 2026, 16:03

Mótarbhealach an M50 ar imeall Átha Cliath
X Facebook

D'fhág tiománaithe breis is €300,000 ina ndiaidh ag bothanna dola ar na mótarbhealaí anuraidh gan bacadh lena gcuid sóinseáil a bhailiú as an gciseán.

Léiríonn figiúirí inniu ón gcomhlacht stáit Bonneagar Iompair Éireann gur shaothraigh na cuideachtaí ar leo na bothanna - faoin gcóras Páirtnéireachta Poiblí/Príobháideach - beagnach €500 milliún i 2025.

Bhain beagnach leath an ioncaim sin leis an M50, an mótarbhealach ar chiumhais na hardcathrach a bhíonn tachtaithe go rialta ag tranglam tráchta.

Bhí luach €445,000 dolaí nár híocadh anuraidh ach níl aon léargas ar na bealaí ba mheasa "ar chúinsí slándála."

Faoi chuntais atá foilsithe a bhuíochas do Shaoráil Faisnéise is léir go bhfuil €5.93 milliún sa mbreis drochfhiacha díscríofa ar dholaí an M50.

Ach shaothraigh an cuarbhóthar a bhíonn calctha go laethúil €216 milliún anuraidh.

€52.4 milliún a saothraíodh i gcás an M1 a théann ó thuaidh as Baile Átha Cliath go dtí an teorainn.

Bhain €102,000 den €300,000 a d'fhág tiománaithe ina ndiaidh leis an M1.

Shaothraigh an M4, siar ón ardchathair, €49 milliún ach níor fágadh gan bailiú ach €9,000.

€35 milliún an teacht-isteach a bhí ó Thollán Chalafort na hArdCathrach agus €27,000 sa mbreis a híocadh ar an dola.

€31 milliún a bhí luaite leis an Tollán i Luimneach agus €31,000 nár bailíodh.

€29 milliún a shaothraigh an M3 agus an M7, agus tuairim is €65,000 sóinseála fágtha sna ciseáin idir an dá bhealach.

€16 milliún a bhí i gceist leis an N6, €25 milliún ar an M8, agus €15 milliún ar an N25.

Go náisiúnta híocadh dhá thrian de na dolaí sa n-iomlán ar an gcóras leictreonach.