Tá ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald ag iarraidh ar an Aire Dlí is Cirt Jim O'Callaghan casadh gan mhoill le muintir na ndaoine a maraíodh i dtubaiste an Chraoslaogh agus tá sí ag éileamh go mbunófaí fiosrú poiblí faoin méid a tharla.
Bhásaigh deichniúr - ceathrar fear, triúr ban agus triúr gasúr - idir 5 bhliana d'aois agus 59 nuair a phléasc stáisiún breosla agus bloc árasáin an 7ú Deireadh Fómhair 2022.
Tar éis casadh le cuid de mhuintir na marbh i Leitir Ceanainn tráthnóna dúirt Uachtarán Shinn Féin go bhfuil daoine fágtha trí bliana go leith anois agus gan freagra acu ar mhórchuid ceisteanna.
In éineacht lena gceannaire ag an gcruinniú bhí Teachtaí Dála an pháirtí i nDún na nGall Pearse Doherty agus Pádraig Mac Lochlainn agus na comhairleoirí John Shéamuis Ó Fearraigh agus Gerry McMonagle.
"Tá na daoine seo tar éis fulaingt, fulaingt ollmhór nach féidir a shámhlú, agus iad fágtha go crúálach i limbo. Tá géarghá anois go gcasfadh an tAire O'Callaghan leo agus tá géarghá le fiosrú poiblí, fiosrú i dteannta an fhiosrú coiriúil, rud atá deimhnithe atá indéanta cheana ag Coimisinéir na nGardaí" a dúirt Mary Lou McDonald.
Chuir na Gardaí comhad faoin tubaiste chuig Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí mí Mheán an Fhómhair seo caite, agus meastar go mbeidh comhad eile á sheoladh acu go luath.
Níor ghlac an tAire le cuireadh le gairid le casadh leis na daoine muinteartha mar gheall a dúirt oifigeach ina Roinn ar a shon go raibh fiosrú na nGardaí beagnach críochnaithe.
Tá an tAire O'Callaghan tar éis a rá cheana go bhfuil súil aige go mbeidh cás coiriúil á thionscain agus deir sé go mbeidh coiste cróinéara agus "fiosrúcháin eile reachtúla" ar bun nuair a bheidh clabhsúr ar aon chás coiriúil.
"Má bhíonn ceisteanna fós ann tar éis an phróiseis sin, cinnte déanfaidh mé mo mhachnaimh faoi thabhairt faoi fhiosrúchán poiblí" a dúirt an tAire O'Callaghan an mhí seo caite.
Na daoine a maraíodh ar an gCraoslach: Shauna Flanagan Garwe (5) agus a hathair Robert Garwe (50) Leona Harper (14), Hugh Kelly (59), Jessica Gallagher (24), Martin McGill (49), James O'Flaherty (48), Martina Martin (49), Catherine O'Donnell (39) agus a mac James Monaghan (13).


