Tá sé tugtha le fios go neamhbhalbh ag Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu nach bhfuil deireadh fós leis an mbuamáil atá fórsaí míleata na tíre sin a dhéanamh ar an Iaráin agus mhaígh go bhfuil na hIosraelaigh "ag briseadh chnámha lucht réimis na hIaráine".
Ní thagann rá Netanyahu le rá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump a dúirt inné gur cheap sé "go raibh an cogadh thart, i ndáil leis".
Pé ar domhan é, is cinnte nach bhfuil deireadh leis an mbuamáil atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar an Liobáin ó tuairiscítear gur ionsaigh siad áiteanna i ndeisceart na tíre sin ar maidin inniu.
Dar le haireacht sláinte na Liobáine, maraíodh 486 duine in ionaid éagsúla ar fud na tíre ó thosaigh na hIosraelaigh á buamáil deich lá ó shin.
Tarraingt ar a thrí oiread sin – 1,230 duine – a deirtear atá maraithe san Iaráin ag na hIosraelaigh agus na Meiriceánaigh araon, lena n-áirítear 175 duine i mbunscoil i mbaile Minab i ndeisceart na tíre.
Maraíodh cúig dhuine dhéag ar an gcuid is lú san Iaráic agus aon duine dhéag in Iosrael de bharr ionsaithe diúracán a rinne na hIaránaigh ar an dá thír sin.
Agus an chorraíl tar éis dul i gcion ar phraghsanna fuinnimh ar fud an domhain, dúirt comhlacht státurraithe ola na hAraibe Sádaí go mbeadh sé tubaisteach mura n-osclófaí Caolas Hormuz arís go luath.
Is tríd an gcaolas sin, idir an Iaráin agus Óman, a sheachadtar an cúigiú cuid de sholáthairtí ola an domhain gach lá.
I bhfianaise a ndúirt Trump faoin gcogadh a bheith beagnach thart, thit praghas gáis 15% agus thit praghas ola 7% ar na margaí idirnáisiúnta ar maidin.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ


